|
+Airteagal 23 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a chinneadh |
Airteagal 23 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a chinneadhAirteagal 23 Smachtbhannaí riaracháin agus bearta riaracháin eile a chinneadh Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus na mbeart riaracháin eile á gcinneadh acu, go gcuirfidh údaráis inniúla san áireamh na cúinsí ábhartha go léir, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, na nithe seo a leanas:
(a)
a thromchúisí atá an sárú, agus fad an tsáraithe;
(b)
méid freagrachta an duine atá freagrach as an sárú;
(c)
láidreacht airgeadais an duine atá freagrach as an sárú, trí fhachtóirí éagsúla a bhreithniú, amhail láimhdeachas iomlán i gcás duine dhlítheanaigh nó ioncam bliantúil i gcás duine nádúrtha;
(d)
tábhacht na mbrabús a ghnóthaigh an duine atá freagrach as an sárú, nó tábhacht na gcaillteanas a sheachain an duine sin, a mhéid is féidir iad a chinneadh;
(e)
a mhéid atá an duine atá freagrach as an sárú ag comhoibriú leis an údarás inniúil, gan dochar don ghá aisíoc na mbrabús a ghnóthaigh an duine sin nó aisíoc na gcaillteanas a sheachain sé a áirithiú;
(f)
sáruithe roimhe sin a rinne an duine atá freagrach as an sárú; Féadfaidh na húdaráis inniúla tosca sa bhreis orthu siúd dá dtagraítear sa chéad mhír a chur san áireamh nuair a bheidh cineál agus leibhéal na smachtbhannaí riaracháin agus na mbeart riaracháin eile á gcinneadh acu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|