+Airteagal 25 Malartú faisnéise le hÚEUM
---+Airteagal 25 1.
---+Airteagal 25 2.
---+Airteagal 25 3.
---+Airteagal 25 4.

Airteagal 25 Malartú faisnéise le hÚEUM

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 25 1.
Gach bliain soláthróidh údaráis inniúla faisnéis chomhiomlánaithe agus mhionsonraithe d’ÚEUM maidir leis na smachtbhannaí riaracháin agus leis na bearta riaracháin uile eile atá forchurtha acu i gcomhréir le hAirteagal 22. Foilseoidh ÚEUM faisnéis chomhiomlánaithe i dtuarascáil bhliantúil.
Airteagal 25 2.
I gcás inar roghnaigh Ballstáit smachtbhannaí coiriúla a leagan síos i dtaobh sáruithe ar na forálacha dá dtagraítear in Airteagal 22, déanfaidh a n-údaráis inniúla sonraí comhiomlánaithe agus gan ainmneacha luaite leo a sholáthar d’ÚEUM ar bhonn bliantúil maidir le gach imscrúdú coiriúil a rinneadh agus maidir le gach smachtbhanna coiriúil a forchuireadh. Déanfaidh ÚEUM sonraí a fhoilsiú i dtuarascáil bhliantúil maidir leis na smachtbhannaí coiriúla a forchuireadh.
Airteagal 25 3.
I gcás ina ndearna an t-údarás inniúil smachtbhanna riaracháin nó beart riaracháin eile, nó smachtbhanna coiriúil a nochtadh don phobal, déanfaidh sé an fhaisnéis sin a thuairisciú d’ÚEUM an tráth céanna.
Airteagal 25 4.
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme chun na nósanna imeachta agus na foirmeacha maidir le malartú faisnéise amhail dá dtagraítear i mír 1 agus i mír 2 a chinneadh.

Cuirfidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin faoin 13 Eanáir 2017.

Tugtar an chumhacht don Choimisiún na dréachtchaighdeáin theicniúla chur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32015R2365
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.