|
+IARSCRÍBHINN |
IARSCRÍBHINN
IARSCRÍBHINN Cuid A — An fhaisnéis atá le soláthar i dtuarascálacha leathbhliantúla agus bliantúla GCUI agus i dtuarascáil bhliantúil CIM Sonraí foriomlána:
—
Méid na n-urrús agus na dtráchtearraí atá ar iasacht mar chion de na sócmhainní iomlána atá intugtha ar iasacht á sainmhíniú gan airgead tirim ná airgead coibhéiseach san áireamh;
—
Méid na sócmhainní a sannadh do gach cineál IMU agus do bhabhtálacha an toraidh iomláin agus iad á sloinneadh mar mhéid iomlán (in airgeadra an ghnóthais chomhinfheistíochta) agus mar chion de shócmhainní an ghnóthais chomhinfheistíochta atá faoi bhainistíocht (SFB).
Sonraí maidir le comhchruinniú:
—
Na deich n-eisitheoirí comhthaobhachta is mó ó as measc na hIMUanna uile agus babhtálacha uile an toraidh iomláin (miondealú ar líon na n-urrús comhthaobhach agus na dtráchtearraí a fuarthas in aghaidh ainm an eisitheora);
—
Na deich gcontrapháirtithe is tábhachtaí le haghaidh gach cineál IMU agus bhabhtálacha an toraidh iomláin ar leithligh (Ainm an chontrapháirtí agus ollmhéid na n-idirbheart atá amuigh).
Sonraí na n-idirbheart comhiomlán do gach cineál IMU agus do bhabhtálacha an toraidh iomláin ar leithligh le miondealú de réir na gcatagóirí thíos:
—
Cineál agus cáilíocht na comhthaobhachta;
—
Grád aibíochta na comhthaobhachta á mhiondealú faoi na tráinsí aibíochta seo a leanas: níos lú ná lá amháin, lá amháin go seachtain amháin, seachtain amháin go mí amháin, mí amháin go trí mhí, trí mhí go bliain amháin, níos mó ná bliain amháin, aibíocht oscailte;
—
Airgeadra na comhthaobhachta;
—
Grád aibíochta na hIMUanna agus bhabhtálacha an toraidh iomláin á miondealú faoi na tráinsí aibíochta seo a leanas: níos lú ná lá amháin, lá amháin go seachtain amháin, seachtain amháin go mí amháin, mí amháin go trí mhí, trí mhí go bliain amháin, níos mó ná bliain amháin, idirbhearta oscailte;
—
An tír ina bhfuil na contrapháirtithe bunaithe;
—
Socrú agus imréiteach (e.g., trípháirteach, Contrapháirtí Lárnach, déthaobhach).
Sonraí maidir le comhthaobhacht a athúsáid:
—
An sciar den chomhthaobhacht a fuarthas a dhéantar a athúsáid, i gcomparáid leis an uasmhéid atá sonraithe sa réamheolaire nó sa nochtadh d’infheisteoirí;
—
Torthaí athinfheistíochta comhthaobhachta in airgead tirim don ghnóthas comhinfheistíochta.
Cumhdach na comhthaobhachta arna fáil ag an ngnóthas comhinfheistíochta mar chuid d’IMUanna agus de bhabhtálacha an toraidh iomláin Líon agus ainmneacha na dtaisceánach agus méid na sócmhainní comhthaobhachta atá á gcumhdach ag gach ceann díobh Cumhdach na comhthaobhachta arna tabhairt ag an ngnóthas comhinfheistíochta mar chuid d’IMUanna agus de bhabhtálacha an toraidh iomláin An cion den chomhthaobhacht atá i gcuntais leithscartha nó i gcuntais chomhthiomsaithe, nó in aon chuntais eile Sonraí maidir le fáltais agus costas i dtaca le gach cineál IMU agus le babhtálacha an toraidh iomláin á miondealú idir an gnóthas comhinfheistíochta, bainisteoir an ghnóthais comhinfheistíochta agus tríú páirtithe (e.g. an gníomhaí a thugann an iasacht) i dtéarmaí iomlána agus mar chéatadán de na fáltais fhoriomlána a ghineann an cineál sin IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin Cuid B — An fhaisnéis atá le cur sa Réamheolaire i gcás GCUI agus sa nochtadh réamhchonarthach d’infheisteoirí i gcás CIM:
—
Tuairisc ghinearálta ar na hIMUanna agus ar bhabhtálacha an toraidh iomláin atá in úsáid ag an gnóthas comhinfheistíochta agus an réasúnaíocht dá n-úsáid
—
Na sonraí foriomlána nach mór tuairisciú a dhéanamh orthu maidir le gach cineál IMU agus babhtáil an toraidh iomláin
—
Na cineálacha sócmhainní is féidir a bheith faoina réir
—
An cion uasta SFB is féidir a bheith faoina réir
—
An cion ionchasach de SFB a bheidh faoi réir gach ceann díobh
—
Na critéir a úsáideadh chun contrapháirtithe a roghnú (lena n-áirítear stádas dlíthiúil, tír thionscnaimh, íosrátáil chreidmheasa)
—
Comhthaobhacht inghlactha: tuairisc ar chomhthaobhacht inghlactha maidir leis na cineálacha sócmhainní, an t-eisitheoir, an aibíocht, an leachtacht chomh maith leis na polasaithe éagsúlaithe comhthaobhachta agus na polasaithe comhghaolmhaireachta.
—
Luacháil na comhthaobhachta: tuairisc ar an modh a úsáideadh chun an chomhthaobhacht a luacháil agus tuairisc ar an réasúnaíocht a bhí leis, agus an mbaintear úsáid as corrlaigh le haghaidh marcáil laethúil ón margadh agus as corrlaigh athrúcháin laethúla.
—
Bainistiú riosca: tuairisc ar na rioscaí a bhaineann le hIMUanna agus le babhtálacha an toraidh iomláin, chomh maith leis na rioscaí a bhaineann le bainistiú na comhthaobhachta, amhail rioscaí i dtaca le hoibríocht, le leachtacht, le contrapháirtithe, le coimeád agus leis an dlí, agus leis na rioscaí a eascraíonn, i gcás inarb infheidhme, as athúsáid.
—
Sonraíocht faoin gcaoi a gcumhdaítear sócmhainní atá faoi réir IMUanna agus bhabhtálacha an toraidh iomláin agus comhthaobhacht a fuarthas (e.g. le taisceánach an chiste).
—
Sonraíocht faoi aon sriantaí (rialála nó féin-fhorchurtha) atá ar athúsáid na comhthaobhachta.
—
An polasaí maidir le torthaí a ghineann IMUanna agus ó bhabhtálacha an toraidh iomláin a roinnt: tuairisc ar chodanna an ioncaim a ghineann IMUanna agus babhtálacha an toraidh iomláin a chuirtear ar ais ghnóthas comhinfheistíochta, agus tuairisc ar na costais agus na táillí a shanntar don bhainisteoir nó do thríú páirtithe (e.g. an gníomhaí a thugann an iasacht). Cuirfear in iúl sa réamheolaire nó sa nochtadh d’infheisteoirí freisin an bhfuil gaol idir na páirtithe sin agus an bainisteoir.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|