+Airteagal 4 CMAnna a údarú
---+Airteagal 4 1.
---+Airteagal 4 2.
---+Airteagal 4 3.
---+Airteagal 4 4.
---+Airteagal 4 5.
---+Airteagal 4 6.
---+Airteagal 4 7.
|
Airteagal 4 CMAnna a údarú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 4 1.
|
Ní dhéanfar aon ghnóthas comhinfheistíochta a bhunú, a mhargú ná a bhainistiú san Aontas mar CMA ach amháin má údaraítear é i gcomhréir leis an Rialachán seo. Beidh an t-údarú sin bailí do na Ballstáit ar fad.
|
|
Airteagal 4 2.
|
Déanfar gnóthas comhinfheistíochta lena gceanglaítear údarú mar GCUI den chéad uair faoi Threoir 2009/65/CE agus mar CMA faoin Rialachán seo den chéad uair a údarú mar CMA mar chuid de nós imeachta údarúcháin GCUI de bhun Threoir 2009/65/CE. I gcás go mbeidh gnóthas comhinfheistíochta údaraithe cheana mar GCUI faoi Threoir 2009/65/CE, is féidir leis iarratas a dhéanamh ar údarú mar CMA i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach i mír 4 agus i mír 5 den Airteagal seo.
|
|
Airteagal 4 3.
|
Déanfar gnóthas comhinfheistíochta ar CIM é a údarú mar CMA de bhun an nós imeachta údarúcháin a leagtar síos in Airteagal 5.
|
|
Airteagal 4 4.
|
Ní dhéanfar aon ghnóthas comhinfheistíochta a údarú mar CMA murar deimhin le húdarás inniúil CMA go mbeidh CMA ábalta ceanglais uile an Rialacháin seo a chomhlíonadh.
|
|
Airteagal 4 5.
|
Chun críocha údarúcháin mar CMA, cuirfidh gnóthas comhinfheistíochta na doiciméid seo a leanas faoi bhráid a údaráis inniúil:
(a)
rialacha an chiste nó ionstraimí corpraithe CMA, lena n-áirítear léiriú ar an gcineál CMA atá ann as measc na cinn a leagtar amach in Airteagal 3(1);
(b)
sainaithint bhainisteoir CMA;
(d)
tuairsic ar CMA atá ar fáil d'infheisteoirí, nó aon fhaisnéis faoi;
(e)
tuairisc agus faisnéis faoi na socruithe agus na nósanna imeachta is gá chun na ceanglais dá dtagraítear i gCaibidil II go Caibidil VII a chomhlíonadh;
(f)
aon fhaisnéis nó doiciméad eile a iarrann údarás inniúil CMA chun comhlíonadh cheanglais an Rialacháin seo a fhíorú.
|
|
Airteagal 4 6.
|
Cuirfidh na húdaráis inniúla ÚEUM ar an eolas, gach ráithe, faoi údaruithe arna dtabhairt nó arna dtarraingt siar de bhun an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 4 7.
|
Coinneoidh ÚEUM clár lárnach poiblí ina sainaithneofar gach CMA arna údarú faoin Rialachán seo mar aon lena chineál i gcomhréir le hAirteagal 3(1), cibé acu an CMA gearrthéarmach nó caighdeánach é, bainisteoir agus údarás inniúil CMA. Cuirfear an clár ar fáil i bhformáid leictreonach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|