+Airteagal 5 Nós imeachta chun CMAnna ar CIManna iad á údarú
---+Airteagal 5 1.
---+Airteagal 5 2.
---+Airteagal 5 3.
---+Airteagal 5 4.
---+Airteagal 5 5.
---+Airteagal 5 6.
---+Airteagal 5 7.
|
Airteagal 5 Nós imeachta chun CMAnna ar CIManna iad á údarú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 5 1.
|
Ní údarófar CIM mar CMA ach amháin má fhaomhann an t-údarás inniúil an t-iarratas arna chur isteach ag BCIM a bheidh údaraithe cheana faoi Threoir 2011/61/AE chun CMA ar CIM é a bhainistiú, agus má fhaomhann sé rialacha an chiste agus rogha an taiscí freisin.
|
|
Airteagal 5 2.
|
Nuair a bheidh an t-iarratas á chur isteach ar CIM ar CIM é a bhainistiú, cuirfidh BCIM údaraithe an méid seo a leanas ar fáil d'údarás inniúil CMA:
(a)
an comhaontú i scríbhinn leis an taiscí;
(b)
faisnéis faoi shocruithe tarmligin maidir le bainistiú punainne agus riosca agus le riarachán maidir le CIM;
(c)
faisnéis faoi na straitéisí infheistíochta, faoin bpróifíl riosca agus faoi shaintréithe eile CMAnna ar CIManna iad a bhainistíonn BCIM nó atá beartaithe aige a bhainistiú.
Féadfaidh údarás inniúil CMA soiléiriú a iarraidh ar údarás inniúil BCIM chomh maith le faisnéis faoi na doiciméid dá dtagraítear sa chéad fhomhír, nó dearbhú i dtaobh CMAnna a bheith faoi raon údarú bainistithe BCIM. Tabharfaidh údarás inniúil BCIM freagra laistigh de 10 lá oibre tar éis dó an iarraidh sin a fháil.
|
|
Airteagal 5 3.
|
Déanfaidh BCIM fógra i dtaobh aon mhodhnú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar na doiciméid dá dtagraítear i mír 2 a thabhairt láithreach d'údarás inniúil CMA.
|
|
Airteagal 5 4.
|
Ní dhéanfaidh údarás inniúil an CMA an t-iarratas ó BCIM a dhiúltú ach amháin i gcás ina bhfuil feidhm ag aon cheann díobh seo a leanas:
(a)
ní chomhlíonann BCIM an Rialachán seo;
(b)
ní chomhlíonann BCIM Treoir 2011/61/AE;
(c)
ní údaraíonn an t-údarás inniúil do BCIM CMAnna a bhainistiú;
(d)
ní bheidh na doiciméid dá dtagraítear i mír 2 curtha ar fáil ag BCIM.
Sula ndiúltóidh sé d'iarratas, rachaidh údarás inniúil CMA i gcomhairle le húdarás inniúil BCIM.
|
|
Airteagal 5 5.
|
Ní bheidh údarú CIM mar CMA faoi réir ceanglais go ndéanfaidh BCIM arna údarú i mBallstát baile CIM bainistiú ar CIM, ná go saothróidh nó go dtarmligfidh BCIM aon ghníomhaíochtaí i mBallstát baile CIM.
|
|
Airteagal 5 6.
|
Laistigh de dhá mhí d'iarratas iomlán a bheith curtha isteach, cuirfear BCIM ar an eolas an mbeidh nó nach mbeidh údarú CIM mar CMA deonaithe.
|
|
Airteagal 5 7.
|
Ní thabharfaidh údarás inniúil CMA údarú CIM ar CMA má dhéantar CIM a chosc go dlíthiúil ar a aonaid nó a scaireanna a mhargú ina Bhallstát baile.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|