+Airteagal 10 Ionstraimí incháilithe margaidh airgid
---+Airteagal 10 1.
---+Airteagal 10 2.
---+Airteagal 10 3.
|
Airteagal 10 Ionstraimí incháilithe margaidh airgid
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1.
|
Beidh ionstraim margaidh airgid incháilithe le hinfheistiú ag CMA ar choinníoll go gcomhlíonfaidh sí na ceanglais seo ar fad a leanas ar fad:
(a)
tagann sí faoi réim ceann amháin de chatagóirí na n-ionstraimí margaidh airgid dá dtagraítear i bpointe (a), (b), (c) nó (h) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE;
(b)
léiríonn sí ceann den dá shaintréith malartach seo a leanas:
(i)
tráth a heisiúna, tá aibíocht dhlíthiúil 397 lá nó níos lú aici;
(ii)
tá aibíocht iarmharach 397 lá nó níos lú aici;
(c)
tá eisitheoir na hionstraime margaidh airgid agus cáilíocht na hionstraime margaidh airgid tar éis measúnú fabhrach a fháil de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22;
(d)
i gcás ina ndéanann CMA infheistíocht in urrúsú nó in ABCP, beidh sé faoi réir na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 11.
|
|
Airteagal 10 2.
|
D'ainneoin phointe (b) de mhír 1, lamhálfar CMAnna caighdeánacha freisin chun infheistiú in ionstraimí margaidh airgid le haibíocht iarmhair go dtí an dáta fuascailte dlíthiúil níos lú ná nó cothrom le dhá bhliain, ar choinníoll go mbeidh an t-am atá fágtha go dtí an chéad dáta athshocraithe úis eile 397 lá nó níos lú. Chun na críche sin, déanfar ionstraimí margaidh airgid ráta ar snámh agus ionstraimí margaidh airgid ráta sheasta atá fálaithe ag socrú babhtála a athshocrú go ráta nó innéacs margaidh airgid.
|
|
Airteagal 10 3.
|
Ní bheidh feidhm ag pointe (c) de mhír 1 maidir le hionstraimí margaidh airgid arna n-eisiúint nó arna ráthú ag an Aontas, ag údarás lárnach nó ag banc ceannais Ballstáit, ag an mBanc Ceannais Eorpach, ag an mBanc Eorpach Infheistíochta, ag an Sásra Cobhsaíochta Eorpach ná ag an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|