+Airteagal 11 Urrúsuithe incháilithe agus ABCPanna
---+Airteagal 11 1.
---+Airteagal 11 2.
---+Airteagal 11 3.
---+Airteagal 11 4.

Airteagal 11 Urrúsuithe incháilithe agus ABCPanna

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 11 1.

Measfar urrúsú agus ABCP a bheith incháilithe chun infheistíochta ag CMA ar choinníoll go mbeidh an t-urrúsú nó ABCP leachtach go leor, tar éis measúnú fabhrach a fháil de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22, agus gur aon cheann díobh seo a leanas é:

(a) 

urrúsú dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/61 ón gCoimisiún ( 3 );

(b) 

ABCP arna eisiúint ag clár ABCP:

(i) 

ag a bhfuil lántacaíocht ó institiúid creidmheasa rialaithe a chlúdaíonn gach riosca leachtachta, creidmheasa agus caolúcháin, chomh maith le costais idirbheartaíochta leanúnacha agus costais leanúnacha uilechlár a bhaineann le ABCP, más gá sin chun láníocaíocht aon mhéid faoi ABCP a ráthú don infheisteoir;

(ii) 

nach athurrúsú agus nach n-áiríonn na risíochtaí a fholuíonn an t-urrúsú ag leibhéal gach idirbhirt de ABCP aon suíomh urrúsaithe;

(iii) 

nach n-áiríonn urrúsú sintéiseach arna shainmhíniú i bpointe (11) d'Airteagal 242 de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

▼M1

(c) 

a simple, transparent and standardised (STS) securitisation, as determined in accordance with the criteria and conditions laid down in Articles 20, 21 and 22 of Regulation (EU) 2017/2402 of the European Parliament and of the Council ( 4 ), or an STS ABCP, as determined in accordance with the criteria and conditions laid down in Articles 24, 25 and 26 of that Regulation.

▼B

Airteagal 11 2.

Féadfaidh CMA gearrthéarmach infheistiú sna hurrúsuithe nó in ABCPanna dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, mar is infheidhme:

(a) 

gur dhá bhliain nó níos lú an aibíocht dhlíthiúil ar eisiúint na n-urrúsuithe dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 1 agus gur 397 lá nó níos lú an t-am atá fágtha go dtí an chéad dáta athshocraithe ráta úis eile;

(b) 

gur 397 lá nó níos lú aibíocht dhlíthiúil ar eisiúint nó aibíocht iarmhair na n-urrúsuithe nó ABCPanna dá dtagraítear i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1;

(c) 

gur ionstraimí amúchta na hurrúsuithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 agus gur dhá bhliain nó níos lú an WAL atá acu.

Airteagal 11 3.

Féadfaidh CMA caighdeánach infheistiú sna hurrúsuithe nó in ABCPanna dá dtagraítear i mír 1 ar choinníoll go gcomhlíonfar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas, mar is infheidhme:

(a) 

go mbeidh an aibíocht dhlíthiúil ar eisiúint nó ar aibíocht iarmhair na n- in ABCPanna dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1 dhá bhliain nó níos lú agus an t-am atá fágtha go dtí an chéad dáta 397 lá nó níos lú;

(b) 

gur uirlisí amúchta na hurrúsuithe dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (c) de mhír 1 agus go mbeidh WAL dhá bhliain nó níos lú acu.

Airteagal 11 4.
Déanfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh laistigh de shé mhí ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin bhearthaithe um urrúsuithe STC i gcomhréir le hAirteagal 45 lena leasaítear an tAirteagal seo trí chrostagairt do na critéir lena gcéannaítear urrúsuithe STC agus ABCP i bhforálacha comhréire an Rialacháin sin a thabhairt isteach. Tiocfaidh an leasú in éifeacht ar a dhéanaí sé mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an ghnímh tarmligthe sin nó ó dháta chur i bhfeidhm na bhforálacha comhfhreagracha sa Rialachán beartaithe um urrúsuithe STC, cibé acu is déanaí.

Chun críocha na chéad fhomhíre, folóidh na critéir lena gcéannaítear urrúsuithe STC agus ABCPanna ar a laghad an méid seo a leanas:

(a) 

ceanglais a bhaineann le simplíocht an urrúsaithe, lena n-áirítear a fhíorcharachtar díola agus urramú na gcaighdeán a bhaineann le frithghealladh na risíochtaí;

(b) 

ceanglais a bhaineann le caighdeánú an urrúsaithe, lena n-áirítear ceanglais choinneála riosca;

(c) 

ceanglais a bhaineann le trédhearcacht an urrúsaithe, lena n-áirítear faisnéis a chur ar fáil d'infheisteoirí féideartha;

(d) 

i gcás ABCPanna, chomh maith le pointe (a), pointe (b) agus pointe (c), ceanglais a bhaineann le hurraitheoir agus le tacaíocht urraitheoir chlár ABCP.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.