|
+Airteagal 13 Ionstraimí díorthacha airgeadais incháilithe |
Airteagal 13 Ionstraimí díorthacha airgeadais incháilitheAirteagal 13 Ionstraimí díorthacha airgeadais incháilithe Beidh CMA incháilithe chun infheistíocht a dhéanamh in ionstraim dhíorthach airgeadais má dhéileáiltear í ar mhargadh rialáilte dá dtagraítear i bpointe (a), (b) nó (c) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE nó thar an gcuntar, ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
is é atá i bhfoluiteacht na hionstraime díorthaí rátaí úis, rátaí malairte eachtraí, airgeadraí, nó innéacsanna a sheasann do cheann de na catagóirí sin;
(b)
níl de chuspóir ag an ionstraim dhíorthach ach an ráta úis nó na rioscaí rátaí malairte a fhálú ar gnéithe iad in infheistíochtaí eile CMA;
(c)
is institiúidí atá faoi réir rialála stuamachta agus maoirseachta iad na contrapháirtithe in idirbhearta díorthacha thar an gcuntar, agus baineann siad leis na catagóirí arna bhformheas ag údarás inniúil CMA;
(d)
tá na díorthaigh thar an gcuntar faoi réir luachála iontaofa agus infhíoraithe ar bhonn laethúil agus is féidir iad a dhíol, a leachtú nó a dhúnadh le hidirbheart fritháirimh tráth ar bith ag a luach cothrom ar thionscnamh CMA. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|