|
+Airteagal 14 Comhaontuithe incháilithe athcheannaigh |
Airteagal 14 Comhaontuithe incháilithe athcheannaighAirteagal 14 Comhaontuithe incháilithe athcheannaigh Beidh CMA incháilithe chun dul i mbun comhaontú athcheannaigh ar choinníoll go gcomhlíonfar na coinníollacha seo a leanas ar fad:
(a)
úsáidtear é ar bhonn sealadach, ar feadh tráth nach mó ná seacht lá oibre, ach amháin chun críocha bainistithe leachtachta agus ní chun críocha infheistíochta seachas dá dtagraítear i bpointe (c);
(b)
toirmisctear ar an gcontrapháirtí a gheobhaidh sócmhainní a aistríonn CMA mar chomhthaobhacht faoin gcomhaontú athcheannaigh na sócmhainní sin a dhíol, a infheistiú, a chur i ngeall nó a aistriú ar shlí eile gan réamhthoiliú CMA;
(c)
is féidir an t-airgead tirim a bheidh faighte ag CMA mar chuid den chomhaontú athcheannaigh:
(i)
a chur i dtaisce i gcomhréir le pointe (f) d'Airteagal 50(1) de Threoir 2009/65/CE; nó
(ii)
a infheistiú i sócmhainní dá dtagraítear in Airteagal 15(6), ach ní dhéanfar é a infheistiú ar shlí eile i sócmhainní incháilithe dá dtagraítear in Airteagal 9, a aistriú ná a athúsáid ar shlí eile;
(d)
ní mó ná 10 % dá shócmhainní an t-airgead tirim a bheidh faighte ag CMA mar chuid den chomhaontú athcheannaigh nach bhfuil imréitithe go lárnach trí CPL a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a dtugtar aitheantas dó i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin;
(da)
ní mó ná 15 % dá shócmhainní an t-airgead tirim a bheidh faighte ag CMA mar chuid den chomhaontú athcheannaigh atá imréitithe go lárnach trí CPL a údaraítear i gcomhréir le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 nó a dtugtar aitheantas dó i gcomhréir le hAirteagal 25 den Rialachán sin;
(e)
tá an ceart ag CMA an comhaontú a fhoirceannadh aon tráth tar éis réamhfhógra nach mó ná dhá lá oibre a thabhairt. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|