+Airteagal 15 Comhaontuithe incháilithe athcheannaigh droim ar ais
---+Airteagal 15 1.
---+Airteagal 15 2.
---+Airteagal 15 3.
---+Airteagal 15 4.
---+Airteagal 15 5.
---+Airteagal 15 6.
---+Airteagal 15 7.

Airteagal 15 Comhaontuithe incháilithe athcheannaigh droim ar ais

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 15 1.

Beidh comhaontú athcheannaigh droim ar ais incháilithe le go rachadh CMA ina bhun ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

tá sé de cheart ag an CMA an comhaontú a fhoirceannadh tráth ar bith má thugann sé réamhfhógra nach faide ná dhá lá oibre;

(b) 

is ionann i gcónaí luach margaidh na sócmhainní arna bhfáil mar chuid den chomhaontú athcheannaigh droim ar ais agus ar a laghad luach an airgid thirim a íocadh.

Airteagal 15 2.
Beidh na sócmhainní arna bhfáil ag CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais ina n-ionstraimí margaidh airgid a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10.

Ní dhéanfar na sócmhainní arna bhfáil ag CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais a dhíol, a athinfheistiú, a chur i ngeall, nó a aistriú ar bhealach eile.

Airteagal 15 3.
Ní bhfaighidh CMA urrúsuithe agus ABCPanna mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais.
Airteagal 15 4.
Beidh na sócmhainní arna bhfáil ag CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais éagsúlaithe go leordhóthanach agus ní rachaidh a risíocht uasta d'eisitheoir ar leith thar 15 % de NAV an CMA, ach amháin i gcás ina bhfuil na sócmhainní sin ina n-ionstraimí margaidh airgid a chomhlíonann ceanglais Airteagal 17(7). Sa bhreis air sin, is eintiteas atá neamhspleách ar an gcontrapháirtí a eiseoidh na sócmhainní arna bhfáil ag CMA mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, agus beifear ag súil nach mbeidh comhghaol ard le sonrú idir a fheidhmíocht agus feidhmíocht an chontrapháirtí.
Airteagal 15 5.
Áiritheoidh CMA a théann i mbun comhaontú ceannaigh droim ar ais go mbeidh sé in ann méid iomlán an airgid thirim a aisghnóthú tráth ar bith ar bhonn fabhraithe nó ar bhonn marcáil de réir an mhargaidh. I gcás ina bhfuil an t-airgead tirim in-aisghnóthaithe tráth ar bith ar bhonn marcáil de réir an mhargaidh, úsáidfear an luach marcála de réir an mhargaidh den chomhaontú athcheannaigh droim ar ais chun an CMA a ríomh.
Airteagal 15 6.

De mhaolú ar mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh CMA, mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais, sócmhainní leachtacha inaistrithe nó ionstraimí margaidh airgid cé is moite díobhsan a chomhlíonann na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 10 a fháil ar choinníoll go gcomhlíonann na sócmhainní sin ceann amháin de na coinníollacha seo a leanas:

(a) 

is an tAontas, údarás lárnach nó banc ceannais Ballstáit, an Banc Ceannais Eorpach, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach nó an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais, a d'eisigh iad nó atá á ráthú, ar choinníoll go bhfuarthas measúnú fabhrach de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22;

(b) 

is údarás lárnach nó banc ceannais tríú tír a d'eisigh iad nó atá á ráthú, ar choinníoll go bhfuarthas measúnú fabhrach de bhun Airteagal 19 go hAirteagal 22.

Na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, déanfar iad a nochtadh d'infheisteoirí CMA, i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ).

Na sócmhainní arna bhfáil mar chuid de chomhaontú athcheannaigh droim ar ais i gcomhréir leis an gçéad fhomhír den mhír seo, comhlíonfaidh siad ceanglais Airteagal 17(7).

Airteagal 15 7.
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 45 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trína shonrú cad iad na ceanglais chainníochtúla agus cháilíochtúla maidir le leachtacht is infheidhme i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear i mír 6 agus cad iad na ceanglais chainníochtúla agus cháilíochtúla maidir le cáilíocht chreidmheasa is infheidhme i ndáil leis na sócmhainní dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 6 den Airteagal seo.

Chun na gcríoch sin, cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 san áireamh.

Déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh tráth nach déanaí ná an 21 Eanáir 2018.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.