|
+Airteagal 16 4. |
Airteagal 16 4.Beidh aonaid nó scaireanna CMAnna eile incháilithe le go bhféadfadh CMA infheistiú iontu ar choinníoll go gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
beidh an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe údaraithe faoin Rialachán seo;
(b)
i gcás ina bhfuil an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe á bhainistiú, bíodh sin go díreach nó trí tharmligean, ag an mbainisteoir céanna leis an CMA éadála nó ag aon chuideachta eile a bhfuil nasc idir é agus bainisteoir an CMA éadála trí bhainistíocht nó rialú comónta, nó trí shealúchas substaintiúil díreach nó indíreach, toirmisctear ar bhainisteoir an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe', nó an chuideachta eile sin, suibscríbhinn nó táillí fuascailte a ghearradh mar gheall ar an infheistíocht ag an CMA éadála in aonaid nó scaireanna an CMA a bhfuil a éadáil beartaithe;
(c)
i gcás ina n-infheistíonn CMA 10 % nó níos mó dá shócmhainní in aonaid nó scaireanna CMAnna eile:
(i)
nochtfar i réamheolaire an CMA sin leibhéal uasta na dtáillí bainistíochta a fhéadtar a ghearradh ar an CMA féin agus ar CMAnna eile a ndearna sé infheistiú iontu; agus
(ii)
sonrófar sa tuarascáil bhliantúil sciar uasta na dtáillí bainistíochta a gearradh ar an CMA féin agus ar CMAnna eile a ndearna sé infheistiú iontu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|