|
+Airteagal 16 5. |
Airteagal 16 5.Ní bheidh feidhm ag mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo maidir le CMA ar CIM é, a údaraíodh i gcomhréir le hAirteagal 5, i gcás ina gcomhlíontar gach ceann de na coinníollacha seo a leanas:
(a)
déantar an CMA a mhargú go huile agus go hiomlán trí scéim choigiltis d'fhostaithe faoi rialú an dlí náisiúnta agus ar daoine nádúrtha amháin iad na hinfheisteoirí sa scéim sin;
(b)
ní cheadaítear d'infheisteoirí na scéime coigiltis d'fhostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) a n-infheistíocht a fhuascailt ach amháin faoi réir téarmaí sriantacha fuascailte a leagtar síos sa dlí náisiúnta, sa chaoi is nach bhféadtar fuascailtí a dhéanamh ach in imthosca áirithe atá nasctha le forbairtí sa mhargadh. De mhaolú ar mhír 2 agus ar mhír 3 den Airteagal seo, féadfaidh CMA atá ina GCUI, agus atá údaraithe i gcomhréir le hAirteagal 4(2), aonaid nó scaireanna i CMAnna eile a éadáil i gcomhréir le hAirteagal 55 nó le hAirteagal 58 de Threoir 2009/65/CE ar na coinníollacha seo a leanas:
(a)
déantar an CMA a mhargú go huile agus go hiomlán trí scéim choigiltis d'fhostaithe faoi rialú an dlí náisiúnta agus ar daoine nádúrtha amháin iad na hinfheisteoirí sa scéim sin amháin;
(b)
ní cheadaítear d'infheisteoirí na scéime coigiltis d'fhostaithe dá dtagraítear i bpointe (a) a n-infheistíocht a fhuascailt ach amháin faoi réir téarmaí sriantacha fuascailte a leagtar síos sa dlí náisiúnta, sa chaoi is nach bhféadtar fuascailtí a dhéanamh ach in imthosca áirithe atá nasctha le forbairtí sa mhargadh. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|