|
+Airteagal 21 1. |
Airteagal 21 1.Déanfaidh bainisteoir CMA doiciméadú ar a nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus ar a mheasúnuithe ar cháilíocht chreidmheasa. Áireofar sa doiciméadú gach ceann díobh seo a leanas:
(a)
mionsonraí faoi dhearadh agus faoi chúrsaí oibríochtúla a nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa ar dhóigh a ligeann do na húdaráis inniúla oiriúnacht an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa a thuiscint agus meastóireacht a dhéanamh air;
(b)
an réasúnaíocht don anailís a thacaíonn leis an measúnú ar cháilíocht chreidmheasa, agus an anailís féin, chomh maith leis na critéir a roghnaigh bainisteoir an CMA le haghaidh athbhreithniú an mheasúnaithe ar cháilíocht creidmheasa, agus minicíocht an mheasúnaithe sin.
(c)
gach mórathrú ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, lena n-áirítear sainaithint na gcúiseanna atá leis na hathruithe sin;
(d)
leagan amach an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus struchtúr an rialaithe inmheánaigh;
(e)
tuairiscí iomlána ar an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa maidir le hionstraimí, eisitheoirí agus, i gcás inarb ábhartha, ráthóirí aitheanta;
(f)
an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa de chúram air nó orthu. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|