+Airteagal 21 Doiciméadú
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
|
Airteagal 21 Doiciméadú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Déanfaidh bainisteoir CMA doiciméadú ar a nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus ar a mheasúnuithe ar cháilíocht chreidmheasa. Áireofar sa doiciméadú gach ceann díobh seo a leanas:
(a)
mionsonraí faoi dhearadh agus faoi chúrsaí oibríochtúla a nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa ar dhóigh a ligeann do na húdaráis inniúla oiriúnacht an mheasúnaithe ar cháilíocht chreidmheasa a thuiscint agus meastóireacht a dhéanamh air;
(b)
an réasúnaíocht don anailís a thacaíonn leis an measúnú ar cháilíocht chreidmheasa, agus an anailís féin, chomh maith leis na critéir a roghnaigh bainisteoir an CMA le haghaidh athbhreithniú an mheasúnaithe ar cháilíocht creidmheasa, agus minicíocht an mheasúnaithe sin.
(c)
gach mórathrú ar an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa, lena n-áirítear sainaithint na gcúiseanna atá leis na hathruithe sin;
(d)
leagan amach an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa agus struchtúr an rialaithe inmheánaigh;
(e)
tuairiscí iomlána ar an measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa maidir le hionstraimí, eisitheoirí agus, i gcás inarb ábhartha, ráthóirí aitheanta;
(f)
an duine nó na daoine a bhfuil an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa de chúram air nó orthu.
|
|
Airteagal 21 2.
|
Coinneoidh bainisteoir CMA gach doiciméad dá dtagraítear i mír 1 ar feadh ar a laghad trí thréimhse cuntasaíochta bliantúla iomlána.
|
|
Airteagal 21 3.
|
Beidh mionsonraí an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar cháilíocht chreidmheasa sna rialacha cistí nó i rialacha corpraithe an CMA agus cuirfear na doiciméid ar fad dá dtagraítear i mír 1 ar fáil arna iarraidh sin d'údaráis inniúla an CMA, agus d'údaráis inniúla bhainisteoir an CMA.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|