|
+Airteagal 25 1. |
Airteagal 25 1.Comhlíonfaidh CMA caighdeánach gach ceann de na ceanglais seo a leanas ar bhonn leanúnach:
(a)
tá WAM nach faide ná sé mhí le bheith ag a phunann i gcónaí;
(b)
tá WAL nach faide ná 12 mhí le bheith ag a phunann i gcónaí faoi réir an dara agus an tríú fomhír;
(c)
tá ar a laghad 7,5 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go laethúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra lá oibre amháin ar a laghad a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra lá oibre amháin a thabhairt. Níl CMA caighdeánach le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go laethúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 7,5 % dá phunann a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go laethúil ag an CMA sin;
(d)
tá ar a laghad 15 % dá sócmhainní le comhdhéanamh de shócmhainní a aibíonn go seachtainiúil, comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais ar féidir iad a fhoirceannadh trí réamhfhógra chúig lá oibre a thabhairt nó airgead tirim ar féidir é a aistarraingt trí réamhfhógra chúig lá oibre a thabhairt. Níl CMA caighdeánach le haon sócmhainn a éadáil seachas sócmhainn a aibíonn go seachtainiúil sa chás inarb é a bheadh de thoradh ar an tsócmhainn sin a éadáil ná níos lú ná 15 % dá phunann a bheith infheistithe i sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil ag an CMA sin;
(e)
ar mhaithe leis an ríomh dá dtagraítear i bpointe (d) a dhéanamh, féadfar ionstraimí margaidh airgid nó aonaid nó scaireanna CMAnna eile a chur san áireamh leis na sócmhainní a aibíonn go seachtainiúil suas le 7,5 % dá shócmhainní, ar choinníoll gur féidir iad a fhuascailt agus a shocrú laistigh den chéad chúig lá oibre eile. Chun críocha phointe (b) den chéad fhomhír, i gcás ina bhfuil WAL á ríomh le haghaidh urrús, lena n-áirítear ionstraimí struchtúrtha airgeadais, bunóidh CMA caighdeánach ríomh na haibíochta sin ar an aibíocht iarmhair go dtí go dáta fuascailte dlíthiúil na n-ionstraimí. I gcás ina ndéanann ionstraim airgeadais ceart díola a leabú, áfach, féadfaidh an CMA caighdeánach ríomh na haibíochta a bhunú ar dháta feidhmithe an chirt díola in ionad é a bhunú ar an aibíocht iarmhair, ach ní fhéadfaidh sé é sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil gach ceann de na coinníollacha seo a leanas á gcomhlíonadh i gcónaí:
(i)
is féidir leis an CMA caighdeánach an ceart díola a fheidhmiú go neamhshriantach ar a dháta feidhmithe;
(ii)
tá praghas ceangail an chirt díola fanta cóngarach do luach measta na hionstraime ar an dáta feidhmithe;
(iii)
tá sé le tuiscint ó straitéis infheistíochta an CMA chaighdeánaigh go bhfuil dóchúlacht ard ann go ndéanfar an díol a fheidhmiú ar an dáta feidhmithe. De mhaolú ar an dara fomhír, tráth a dhéanfar WAL a ríomh le haghaidh urrúsuithe agus ABCPanna, féadfaidh CMA caighdeánach ina ionad sin ríomh na haibíochta a bhunú, i gcás ionstraimí amúchta, ar cheachtar díobh seo a leanas:
(i)
próifíl chonarthach amúchta na n-ionstraimí sin;
(ii)
próifíl amúchta na sócmhainní foluiteacha ónar eascair na sreafaí airgid le haghaidh fhuascailt na n-ionstraimí sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|