+Airteagal 37 Tuairisciú do na húdaráis inniúla
---+Airteagal 37 1.
---+Airteagal 37 2.
---+Airteagal 37 3.
---+Airteagal 37 4.
---+Airteagal 37 5.
|
Airteagal 37 Tuairisciú do na húdaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1.
|
I gcás gach CMA atá á bhainistiú aige, déanfaidh bainisteoir an CMA faisnéis a thuairisciú d'údarás inniúil an CMA, ar bhonn ráithiúil ar a laghad. De mhaolú ar an gcéad fhomhír i gcás CMA nach mó ná EUR 100 000 000 luach a shócmhainnní atá á mbainistiú, déanfaidh bainisteoir an CMA faisnéis a thuairisciú d'údarás inniúil an CMA, ar bhonn bliantúil ar a laghad. Arna iarraidh sin ar bhainisteoir CMA, tabharfaidh sé an fhaisnéis arna tuairisciú de bhun an chéad agus an dara fo-mhír d'údarás inniúil bhainisteoir CMA freisin murab ionann é agus údarás inniúil an CMA.
|
|
Airteagal 37 2.
|
Is iad na pointí seo a leanas a bheidh san fhaisnéis arna tuairisciú de bhun mhír 1:
(a)
cineál agus saintréithe an CMA;
(b)
táscairí punainne amhail luach iomlán na sócmhainní, NAV, WAM, WAL, miondealú ar aibíocht, leachtacht agus toradh;
(c)
torthaí na dtastálacha struis agus, i gcás inarb infheidhme, an plean gníomhaíochta beartaithe;
(d)
faisnéis ar na sócmhainní arna sealbhú i bpunann an CMA, lena n-áirítear:
(i)
saintréithe gach sócmhainne, amhail ainm, tír, catagóir eisitheora, riosca eisitheora nó aibíocht eisitheora, agus toradh an nós imeachta maidir le measúnú inmheánach ar an gcáilíocht chreidmheasa;
(ii)
cineál na sócmhainne, lena n-áirítear mionsonraí faoin gcontrapháirtí i gcás ina bhfuil díorthaigh, comhaontaithe athcheannaigh nó comhaontuithe athcheannaigh droim ar ais i gceist;
(e)
faisnéis faoi dhliteanais an CMA, lena n-áirítear:
(i)
an tír ina bhfuil an t-infheisteoir bunaithe;
(ii)
catagóir an infheisteora;
(iii)
aon ghníomhaíocht suibscríbhinne nó fuascailte.
Más gá agus má tá bonn cirt leis, féadfaidh údaráis inniúla faisnéis bhreise a shireadh.
|
|
Airteagal 37 3.
|
De bhreis ar an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 2, agus do gach CMA de chineál LVNAV atá á bhainistiú aige, tuairisceoidh bainisteoir CMA an méid seo a leanas:
(a)
gach teagmhas inar mó na 10 mbonnphointe an difríocht idir praghas sócmhainne arna luacháil le modh an chostais amúchta i gcomhréir leis an gcéad fhomhír d'Airteagal 29(7) agus praghas na sócmhainne sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 29(2), (3) agus (4);
(b)
gach teagmhas inar mó ná 20 bonnphointe an difríocht idir an NAV seasmhach in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 32(1) agus (2) agus an NAV in aghaidh an aonaid nó na scaire arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 30;
(c)
gach teagmhas ina dtarlaíonn staid a luaitear in Airteagal 34(3) chomh maith leis na bearta a rinne an bord i gcomhréir le pointe (a) agus (b) d'Airteagal 34(1).
|
|
Airteagal 37 4.
|
Ullmhóidh ÚEUM dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun teimpléad tuairiscithe a bhunú ina mbeidh an fhaisnéis ar fad dá dtagraítear i mír 2 agus i mír 3. Déanfaidh ÚEUM na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin faoin 21 Eanáir 2018. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 37 5.
|
Tarchuirfidh na húdaráis inniúla chuig ÚEUM an fhaisnéis uile arna fáil de bhun an Airteagail seo. Tarchuirfear an fhaisnéis sin chuig ÚEUM tráth nach déanaí ná 30 lá tar éis dheireadh na ráithe tuairiscithe. Baileoidh ÚEUM an fhaisnéis chun bunachar sonraí lárnach a chruthú de na CMAnna ar fad arna mbunú, arna mbainistiú nó arna gcur ar an margadh san Aontas. Is chun críocha staidrimh amháin a bheidh ceart rochtana ag an mBanc Ceannais Eorpach ar an mbunachar sonraí sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|