|
+Airteagal 39 Cumhachtaí na n-údarás inniúil |
Airteagal 39 Cumhachtaí na n-údarás inniúilAirteagal 39 Cumhachtaí na n-údarás inniúil Gan dochar do na cumhachtaí a dhílsítear d'údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó le Treoir 2011/61/AE, de réir mar is infheidhme, beidh ag na húdaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, gach cumhacht maoirseachta agus imscrúdaithe is gá lena gcuid feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil leis an Rialachán seo. Beidh an chumhacht acu, go háirithe, chun gach ceann díobh seo a leanas a dhéanamh:
(a)
rochtain a iarraidh ar aon doiciméad i bhfoirm ar bith, agus cóip de a fháil nó a ghlacadh;
(b)
a iarraidh ar CMA nó ar bhainisteoir CMA faisnéis a sholáthar gan mhoill;
(c)
faisnéis a iarraidh ar aon duine a bhaineann le gníomhaíochtaí CMA nó le gníomhaíochtaí bainisteora CMA;
(d)
tabhairt faoi chigireachtaí ar an láthair le fógra roimh ré nó dá uireasa;
(e)
bearta oiriúnacha a dhéanamh chun a áirithiú go leanann CMA nó bainisteoir CMA den Rialachán seo a chomhlíonadh;
(f)
ordú a eisiúint chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh CMA nó bainisteoir CMA an Rialachán seo agus go scoirfidh sé ó aon athdhéanamh iompraíochta a d'fhéadfadh a bheith ina shárú ar an Rialachán seo. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|