|
+Airteagal 41 1. |
Airteagal 41 1.Gan dochar do na cumhachtaí a dhílsítear d'údaráis inniúla i gcomhréir le Treoir 2009/65/CE nó le Treoir 2011/61/AE, de réir mar is infheidhme, déanfaidh údarás inniúil CMA nó bainisteoir CMA, agus prionsabal na comhréireachta á urramú ag an am céanna, na bearta iomchuí dá dtagraítear i mír 2 a ghlacadh i gcás ina ndéanann CMA nó bainisteoir CMA aon cheann de na nithe seo a leanas:
(a)
mainníonn sé aon cheanglais maidir le comhdhéanamh sócmhainne a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagal 9 go hAirteagal 16;
(b)
mainníonn sé aon cheanglais phunainne a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagail 17, 18, 24, nó 25;
(c)
faigheann sé údarú trí bhíthin ráitis bhréagacha nó ar aon slí mhírialta eile, lena sáraítear Airteagal 4 nó Airteagal 5;
(d)
úsáideann sé an t-ainmniúchán “ciste margaidh airgid”“CMA” nó ainm eile lena dtugtar le fios gur CMA atá in GCUI nó CIM, lena sáraítear Airteagal 6;
(e)
mainníonn sé aon cheann de na ceanglais maidir leis an measúnú ar cháilíocht creidmheasa inmhéanach a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagal 19 nó Airteagal 20;
(f)
mainníonn sé aon cheann de na ceanglais maidir le rialachas, le doiciméadacht nó le trédhearcacht a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagail 21, 23, 26, 27, 28 nó 36;
(g)
mainníonn sé aon cheann de na ceanglais maidir le luacháil a chomhlíonadh, lena sáraítear Airteagail 29, 30, 31, 32, 33 nó 34. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|