+Airteagal 46 Athbhreithniú
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.

Airteagal 46 Athbhreithniú

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 46 1.
Faoin 21 Iúil 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar a leormhaithe atá an Rialacháin seo ó thaobh na stuamachta agus na heacnamaíochta de, tar éis dó dul i i mbun comhairliúchán le ÚEUM agus, i gcás inarb iomchuí, le BERS, lena n-áirítear an bhfuil athruithe le déanamh ar an gcóras do CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí agus do CMAnna de chineál LVNAV.
Airteagal 46 2.

San athbhreithniú sin déanfar an méid seo a leanas go háirithe:

(a) 

anailíseofar an taithí a fuarthas ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus an tionchar atá aige ar infheisteoirí, ar CMAnna agus ar bhainisteoirí CMAnna san Aontas;

(b) 

measúnófar an ról atá ag CMAnna i gceannach fiachais arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit;

(c) 

cuirfear san áireamh saintréithe an fhiachais arna eisiúint nó arna ráthú ag na Ballstáit agus an ról atá ag an bhfiachas sin i maoiniú na mBallstát;

(d) 

cuirfear san áireamh an tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 509(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013;

(e) 

cuirfear san áireamh tionchar an Rialacháin seo ar na margaí maoinithe gearrthéarmacha;

(f) 

cuirfear forbairtí rialála ar an leibhéal idirnáisiúnta san áireamh.

Faoin 21 Iúil 2022, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir lena indéanta atá sé go mbunófar cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE. Beidh aird sa tuarascáil sin ar infhaighteacht ionstraimí fiachais phoiblí an Aontais agus déanfar measúnú inti ar a oiriúnaí a bheadh CMAnna de chineál LVNAV mar rogha mhalartach ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí neamh-AE. Má thagann an Coimisiún ar an tátal sa tuarascáil nach indéanta é cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE a thabhairt isteach ná céimniú amach a dhéanamh ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a bhfuil méid neamhtheoranta d'fhiachas poiblí neamh-AE acu, tá sé leis na cúiseanna ina leith sin a thabhairt. I gcás ina dtagann an Coimisiún ar an tátal gurb indéanta é cuóta de 80 % le haghaidh fiachas poiblí AE a thabhairt isteach, féadfaidh an Coimisiún moltaí iomchuí a dhéanamh maidir le cuóta den sórt sin a thabhairt isteach, ina ndéanfaí 80 % ar a laghad de shócmhainní CMAnna de chineál CNAV haghaidh fiachas poiblí a infheistiú in ionstraimí fiachais phoiblí AE. Sa bhreis air sin, má thagann an Coimisiún ar an tátal gur rogha mhalartach iomchuí iad CMAnna de chineál LVNAV ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí neamh-AE, féadfaidh sé moltaí reachtacha iomchuí a dhéanamh maidir leis an maolú ar CMAnna de chineál CNAV le haghaidh fiachas poiblí a bhaint ina iomláine.

Cuirfear torthaí an athbhreithnithe sin in iúl do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle araon, agus, beidh tograí iomchuí le haghaidh leasuithe ag gabháil leis na torthaí sin, i gcás inar gá.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 24.12.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32017R1131
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.