+Airteagal 8 Coinbhleachtaí leasa
---+Airteagal 8 1
---+Airteagal 8 2
---+Airteagal 8 3
---+Airteagal 8 4
---+Airteagal 8 5
---+Airteagal 8 6
---+Airteagal 8 7
|
Airteagal 8 Coinbhleachtaí leasa
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1
|
1. Ní bheidh aon rannpháirtíocht ag soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin in aon tairiscint sluachistiúcháin ar a n-ardáin sluachistiúcháin.
|
|
Airteagal 8 2
|
2. Maidir le soláthraithe seirbhísí tionscadail, ní ghlacfaidh siad, mar úinéirí tionscadail, i dtaca leis na seirbhísí sluachistiúcháin a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin féin le haon cheann díobh seo a leanas:
|
(a)
|
scairshealbhóirí a shealbhaíonn 20 %, nó níos mó, den scairchaipiteal nó de na cearta vótála;
|
|
(b)
|
a mbainisteoirí nó a bhfostaithe;
|
|
(c)
|
aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá nasctha leis na scairshealbhóirí, na bainisteoirí nó na fostaithe sin trí rialú mar a shainmhínítear i bpointe (35)(b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE.
|
Maidir leis na soláthraithe seirbhísí cistiúcháin a ghlacfaidh mar infheisteoirí ar na tionscadail sluachistiúcháin a thairgtear ar a n-ardán sluachistiúcháin féin aon duine dá dtagraítear i bpointí (a), (b) agus (c) den chéad fhomhír, déanfaidh siad a nochtadh ar a suíomh gréasáin go nglacann siad leis na daoine sin mar infheisteoirí go hiomlán, lena n-áirítear faisnéis faoi na tionscadail sluachistiúcháin shonracha a infheistíodh iontu, agus áiritheoidh siad go ndéanfar infheistíochtaí den sórt sin faoi na coinníollacha céanna agus a dhéanfaidh na daoine sin agus nach mbeidh aon chóir fhabhrach ná aon rochtain phribhléideach ar fhaisnéis.
|
|
Airteagal 8 3
|
3. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin rialacha inmheánacha éifeachtacha a choinneáil agus a oibriú chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint.
|
|
Airteagal 8 4
|
4. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin gach beart iomchuí chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint, a shainaithint, a bhainistiú agus a nochtadh idir na soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin féin, a scairshealbhóirí, a mbainisteoirí nó a bhfostaithe, nó aon duine nádúrtha nó dlítheanach atá nasctha trí rialú leo mar a shainmhínítear i bpointe (35)(b) d’Airteagal 4(1) de Threoir 2014/65/AE, agus a gcliaint, nó idir cliant agus cliant eile.
|
|
Airteagal 8 5
|
5. Déanfaidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin an cineál ginearálta agus na foinsí coinbhleachtaí leasa a nochtadh dá gcliaint agus na bearta a dhéanann siad chun iad a mhaolú.
Déanfar nochtadh den sórt sin – in áit fheiceálach – ar shuíomh gréasáin an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.
|
|
Airteagal 8 6
|
6. Maidir leis an nochtadh dá dtagraítear i mír 5:
|
(a)
|
is i meán marthanach a dhéanfar é;
|
|
(b)
|
áireofar mionsonraí leordhóthanacha ann, agus tabharfar aird ar chineál gach cliaint, chun a chumasú do gach cliant cinneadh eolasach a dhéanamh faoin tseirbhís as a n-eascraíonn an choinbhleacht leasa.
|
|
|
Airteagal 8 7
|
7. Ullmhóidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:
|
(a)
|
na ceanglais maidir le rialacha inmheánacha a choinneáil nó a oibriú dá dtagraítear i mír 3;
|
|
(b)
|
na bearta dá dtagraítear i mír 4;
|
|
(c)
|
na socruithe don nochtadh dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6.
|
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin á bhforbairt acu, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Samhain 2021.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|