3. Maidir le hurrúis inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin arna dtairiscint ar ardán sluachistiúcháin, agus ar féidir iad a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais oscailte in ainm infheisteora nó ar féidir iad a thabhairt go fisiciúil do choimeádaí, coinneoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó tríú páirtí iad faoi choimeád. Maidir le heintiteas a sholáthraíonn seirbhís caomhnóireachta, sealbhóidh sé údarú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó 2014/65/AE.