+Airteagal 10 Seirbhísí chun sócmhainní a choimeád slán a sholáthar agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar
---+Airteagal 10 1
---+Airteagal 10 2
---+Airteagal 10 3
---+Airteagal 10 4
---+Airteagal 10 5
|
Airteagal 10 Seirbhísí chun sócmhainní a choimeád slán a sholáthar agus seirbhísí íocaíochta a sholáthar
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 10 1
|
1. I gcás ina soláthraítear seirbhísí chun sócmhainní a choimeád slán agus seirbhísí íocaíochta, cuirfidh soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin a gcliaint ar an eolas faoi na nithe uile seo a leanas:
|
(a)
|
cineál na seirbhísí sin, agus na téarmaí agus coinníollacha na seirbhísí sin, lena n-áirítear tagairtí don dlí náisiúnta is infheidhme;
|
|
(b)
|
cé acu a sholáthraíonn nó nach soláthraíonn siad féin na seirbhísí sin nó an soláthraíonn tríú páirtí iad.
|
|
|
Airteagal 10 2
|
2. I gcás ina ndéanann soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin idirbhearta íocaíochta a bhaineann le hurrúis inaistrithe agus ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin, taiscfidh siad na cistí le ceann amháin de na heintitis seo a leanas:
|
(b)
|
institiúid creidmheasa atá údaraithe i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE.
|
|
|
Airteagal 10 3
|
3. Maidir le hurrúis inaistrithe nó ionstraimí a ligtear isteach chun críocha sluachistiúcháin arna dtairiscint ar ardán sluachistiúcháin, agus ar féidir iad a chlárú i gcuntas ionstraimí airgeadais oscailte in ainm infheisteora nó ar féidir iad a thabhairt go fisiciúil do choimeádaí, coinneoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó tríú páirtí iad faoi choimeád. Maidir le heintiteas a sholáthraíonn seirbhís caomhnóireachta, sealbhóidh sé údarú i gcomhréir le Treoir 2013/36/AE nó 2014/65/AE.
|
|
Airteagal 10 4
|
4. Féadfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin é féin, nó trí thríú páirtí, seirbhísí íocaíochta a sholáthar ar choinníoll gur soláthraí seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366 é an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó tríú páirtí.
|
|
Airteagal 10 5
|
5. I gcás nach ndéanfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin é féin seirbhísí íocaíochta a sholáthar i ndáil leis na seirbhísí sluachistiúcháin nó nach ndéanfaidh siad amhlaidh trí sholáthraí thríú páirtí, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sin socruithe i bhfeidhm agus coinneoidh siad iad chun a áirithiú nach nglacfaidh úinéirí tionscadail le cistiú i leith tionscadail sluachistiúcháin, ná le haon íocaíocht eile, ach amháin trí bhíthin soláthraí seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|