5. I gcás nach ndéanfaidh soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin é féin seirbhísí íocaíochta a sholáthar i ndáil leis na seirbhísí sluachistiúcháin nó nach ndéanfaidh siad amhlaidh trí sholáthraí thríú páirtí, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin sin socruithe i bhfeidhm agus coinneoidh siad iad chun a áirithiú nach nglacfaidh úinéirí tionscadail le cistiú i leith tionscadail sluachistiúcháin, ná le haon íocaíocht eile, ach amháin trí bhíthin soláthraí seirbhísí íocaíochta i gcomhréir le Treoir (AE) 2015/2366.