8. Measúnóidh an t-údarás inniúil, laistigh de thrí mhí ón dáta a fhaightear iarratas comhlánaithe, cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus glacfaidh sé cinneadh lán-réasúnaithe chun údarú mar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin a dheonú nó a dhiúltú. Cuirfear san áireamh sa mheasúnú sin cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin atá ar intinn ag an soláthraí ionchasach seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar. Féadfaidh an t-údarás inniúil údarú a dhiúltú más ann d’fhorais oibiachtúla fhollasacha chun a chreidiúint go bhféadfadh comhlacht bainistíochta an tsoláthraí ionchasaigh seirbhísí sluachistiúcháin an méid seo a leanas i mbaol: bainistiú stuama fónta éifeachtach agus leanúnachas gnó an tsoláthraí seirbhísí sin chomh maith le haird leordhóthanach a thabhairt ar leas a chliant agus ar shláine an mhargaidh.