+Airteagal 22 Tréimhse mhachnaimh réamhchonarthach
---+Airteagal 22 1
---+Airteagal 22 2
---+Airteagal 22 3
---+Airteagal 22 4
---+Airteagal 22 5
---+Airteagal 22 6
---+Airteagal 22 7
|
Airteagal 22 Tréimhse mhachnaimh réamhchonarthach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 22 1
|
1. Beidh téarmaí agus coinníollacha na tairisceana sluachistiúcháin ceangailteach ar an úinéir tionscadail ón dtráth a liostaítear an tairiscint sluachistiúcháin ar an ardán sluachistiúcháin go dtí an dáta is luaithe de na dátaí seo a leanas:
|
(a)
|
dáta éagtha na tairisceana sluachistiúcháin a d’fhógair an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nuair a liostaíodh an tairiscint sluachistiúcháin ar a ardán sluachistiúcháin; nó
|
|
(b)
|
an dáta a shroichtear an sprioc mhaoiniúcháin a bhí socraithe, nó, i gcás raon cistiúcháin, an dáta a shroichtear an sprioc mhaoiniúcháin uasta.
|
|
|
Airteagal 22 2
|
2. Cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin tréimhse mhachnaimh réamhchonarthach ar fáil, a mbeidh an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach in ann a thairiscint nó a tairiscint infheistíochta nó léiriú leasa sa tairiscint sluachistiúcháin a chúlghairm aon tráth lena linn gan cúis a thabhairt agus gan pionós a thabhú.
|
|
Airteagal 22 3
|
3. Tosóidh an tréimhse mhachnaimh dá dtagraítear i mír 2 tráth na tairisceana infheistíocht a dhéanamh nó an tráth a léiríonn an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach spéis, agus rachaidh sí in éag tar éis ceithre lá féilire.
|
|
Airteagal 22 4
|
4. Coinneoidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin taifead ar na tairiscintí infheistíochta agus na léirithe spéise a gheobhaidh sé agus ar an am a gheofar iad.
|
|
Airteagal 22 5
|
5. Áireofar ar na modúlachtaí chun tairiscint infheistíochta nó léiriú spéise a chúlghairm na modúlachtaí céanna ar a laghad lenar féidir leis an infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach tairiscint infheistíochta a dhéanamh nó spéis a léiriú i dtairiscint sluachistiúcháin.
|
|
Airteagal 22 6
|
6. Soláthróidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin faisnéis chruinn shoiléir thráthúil do na hinfheisteoirí neamhshofaisticiúla ionchasacha faoin tréimhse mhachnaimh agus faoi na módúlachtaí chun tairiscint infheistíochta nó léiriú spéise a chúlghairm, lena n-áirítear an méid seo a leanas ar a laghad:
|
(a)
|
díreach sula bhféadfaidh an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach tairiscint infheistíochta a dhéanamh nó spéis a léiriú, cuirfidh an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil ionchasach ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
go bhfuil an tairiscint infheistíochta nó an léiriú spéise faoi réir tréimhse mhachnaimh;
|
|
(ii)
|
fad na tréimhse machnaimh;
|
|
(iii)
|
na modúlachtaí chun an tairiscint infheistíochta nó an léiriú spéise a chúlghairm;
|
|
|
(b)
|
díreach tar éis na tairisceana infheistíochta a fháil nó an léirithe spéise,tá ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin a chur in iúl don infheisteoir ionchasach neamhshofaisticiúl trína ardán sluachistiúcháin go bhfuil tús curtha leis an tréimhse mhachnaimh.
|
|
|
Airteagal 22 7
|
7. I gcás bainistiú punainne aonair iasachtaí, ní bheidh feidhm ag an Airteagal seo ach amháin maidir leis an sainordú infheistíochta tosaigh a thugann an t-infheisteoir neamhshofaisticiúil agus ní bheidh feidhm acu maidir leis na hinfheistíochtaí in iasachtaí sonracha a dhéantar faoin sainordú sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|