16. Forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála lena sonrófar an méid a leanas:
|
(a)
|
na ceanglais maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear i mír 6 agus in Iarscríbhinn I a chur i láthair agus ábhar na samhla chuige sin;
|
|
(b)
|
cineálacha na bpríomhrioscaí a bhaineann leis an tairiscint sluachistiúcháin agus, dá bhrí sin, nach mór a nochtadh i gcomhréir le Cuid C d’Iarscríbhinn I;
|
|
(c)
|
cóimheasa airgeadais áirithe a úsáid chun soiléireacht na faisnéise airgeadais bunriachtanaí a fheabhsú, lena n-áirítear chun an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (e) de Chuid A d’Iarscríbhinn I a chur i láthair;
|
|
(d)
|
na coimisiúin, na táillí agus na costais idirbhirt a chumhdaítear le pointe (a) de Chuid H d’Iarscríbhinn I, lena n-áirítear miondealú mionsonraithe ar na costais dhíreacha agus indíreacha atá le seasamh ag an infheisteoir.
|
Agus na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála á bhforbairt acu, cuirfidh ESMA san áireamh cineál, scála agus castacht na seirbhísí sluachistiúcháin arna soláthar ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin.
Déanfaidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála sin a thíolacadh chuig an gCoimisiúin faoin 10 Bealtaine 2022.
Déantar cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagail 10 go 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.