+Airteagal 30 2
|
Airteagal 30 2
2. Ar mhaithe lena ndualgais a chomhlíonadh faoin Rialachán seo, beidh na cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdúcháin seo a leanas ar a laghad ag údaráis inniúla, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta:
|
(a)
|
tairiscint sluachistiúcháin a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide na 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
|
|
(b)
|
cumarsáidí margaíochta a thoirmeasc nó a chur ar fionraí, nó ceangal a chur ar an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ar thríú páirtí arna n-ainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin scor de chumarsáidí margaíochta nó iad a chur ar fionraí go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh i gcás ina bhfuil forais réasúnacha lena chreidiúint go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
|
|
(c)
|
tairiscint sluachistiúcháin a thoirmeasc i gcás ina gcinneann siad go ndearnadh sárú ar an Rialacháin seo nó i gcás ina bhfuil forais réasúnacha drochamhrais go ndéanfaí é a shárú;
|
|
(d)
|
soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin iad a chur ar fionraí, go ceann tréimhse nach faide ná 10 lá oibre as a chéile ar aon ócáid ar leithligh ina bhfuil forais réasúnacha lena chreidiúint go ndearnadh sárú ar an Rialachán seo;
|
|
(e)
|
soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a thoirmeasc i gcás ina gcinnfidh siad gur sáraíodh an Rialachán seo;
|
|
(f)
|
a phoibliú, i ndáil le soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó tríú páirtí arna ainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, go bhfuil ag teip orthu a n-oibleagáidí a chomhlíonadh;
|
|
(g)
|
an fhaisnéis ábhartha go léir a nochtadh, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ar thríú páirtí arna ainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, í a nochtadh, ar faisnéis í a bhféadfadh éifeacht a bheith aici ar sholáthar na seirbhíse sluachistiúcháin, chun cosaint infheisteoirí nó oibriú rianúil an mhargaidh a áirithiú;
|
|
(h)
|
soláthar seirbhísí sluachistiúcháin a chur ar fionraí, nó a cheangal ar sholáthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ar thríú páirtí arna ainmniú chun feidhmeanna a chomhlíonadh i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin, iad a chur ar fionraí, i gcás ina measfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil staid an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin chomh dona sin go ndéanfadh soláthar na seirbhíse sluachistiúcháin dochar do leasanna infheisteoirí;
|
|
(i)
|
conarthaí atá ann cheana a aistriú chuig soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin eile i gcásanna ina dtarraingítear siar údarú an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin i gcomhréir le pointe (c) den chéad fhomhír d’Airteagal 17(1), faoi réir chomhaontú na gcliant agus an tsoláthraí seirbhísí sluachistiúcháin fála.
|
Aon bhearta a ghlactar i bhfeidhmiú na gcumhachtaí faoin mír seo, beidh siad comhréireach, beidh údar cuí leo agus déanfar i gcomhréir le hAirteagal 40 iad.
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|