2. Más rud é, in ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag an údarás inniúil a dheonaigh údarú, go leanann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó an tríú páirtí arna ainmniú chun feidhmeanna a dhéanamh i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin de bheith ag sárú an Rialacháin seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina soláthraítear seirbhísí sluachistiúcháin, tar éis dó an t-údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú agus ESMA a chur ar an eolas, gach beart iomchuí chun infheisteoirí a chosaint agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoi sin gan mhoill mhíchuí.