+Airteagal 37 Bearta réamhchúraim
---+Airteagal 37 1
---+Airteagal 37 2
---+Airteagal 37 3
|
Airteagal 37 Bearta réamhchúraim
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 37 1
|
1. I gcás ina bhfuil forais shoiléire agus inléirithe ag údarás inniúil Bhallstáit ina soláthraítear seirbhísí sluachistiúcháin chun a chreidiúint go bhfuil neamhrialtachtaí déanta ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ag tríú páirtithe arna n-ainmniú chun feidhmeanna a dhéanamh i ndáil le seirbhísí sluachistiúcháin a sholáthar, nó go bhfuil a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo sáraithe ag an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó ag na tríú páirtithe sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú agus do ESMA.
|
|
Airteagal 37 2
|
2. Más rud é, in ainneoin na mbeart arna ndéanamh ag an údarás inniúil a dheonaigh údarú, go leanann an soláthraí seirbhísí sluachistiúcháin nó an tríú páirtí arna ainmniú chun feidhmeanna a dhéanamh i ndáil le soláthar seirbhísí sluachistiúcháin de bheith ag sárú an Rialacháin seo, déanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit ina soláthraítear seirbhísí sluachistiúcháin, tar éis dó an t-údarás inniúil a dheonaigh an t-údarú agus ESMA a chur ar an eolas, gach beart iomchuí chun infheisteoirí a chosaint agus cuirfidh sé an Coimisiún agus ESMA ar an eolas faoi sin gan mhoill mhíchuí.
|
|
Airteagal 37 3
|
3. I gcás nach n-aontaíonn údarás inniúil le haon cheann de na bearta arna nglacadh ag údarás inniúil eile de bhun mhír 2 den Airteagal seo, féadfaidh sé aird ESMA a tharraingt ar an ábhar. Féadfaidh ESMA gníomhú i gcomhréir leis na cumhachtaí a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|