+Airteagal 39 2
|
Airteagal 39 2
2. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil le sáruithe a liostaítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1:
|
(a)
|
ráiteas poiblí lena gcuirtear an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú in iúl agus cineál an tsáraithe freisin;
|
|
(b)
|
ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompar arb ionann é agus an sárú agus gan an iompar sin a dhéanamh in athuair;
|
|
(c)
|
cosc ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an duine dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, nó ar aon duine nádúrtha eile a leagtar freagracht air as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin;
|
|
(d)
|
fíneálacha riaracháin airgid uasta suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna a leagtar amach i bpointe (e);
|
|
(e)
|
i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 500 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 9 Samhain 2020, nó suas le 5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta. I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim an láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na ráiteas airgeadais comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh;
|
|
(f)
|
i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 500 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Samhain 2020.
|
1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|