+Airteagal 39 Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile
---+Airteagal 39 1
---+Airteagal 39 2
---+Airteagal 39 3
|
Airteagal 39 Pionóis riaracháin agus bearta riaracháin eile
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 39 1
|
1. Gan dochar do chumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha údarás inniúil faoi Airteagal 30 agus do cheart na mBallstát foráil a dhéanamh maidir le pionóis choiriúla agus iad a fhorchur, déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir leis an dlí náisiúnta, a fhoráil go dtabharfar cumhacht d’údaráis inniúla pionóis riaracháin a fhorchur agus bearta riaracháin iomchuí a dhéanamh a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Beidh feidhm ag na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile sin ar a laghad maidir leis an méid a leanas:
|
(a)
|
sáruithe ar Airteagail 3, 4 agus 5 Airteagal 6(1) go (6), Airteagal 7(1) go (4), Airteagal 8(1) go (6), Airteagal 9(1) agus (2), Airteagal 10, Airteagal 11, Airteagal 12(1), Airteagal 13(2), Airteagal 15(2) agus (3), Airteagal 16(1), Airteagal 18(1) agus (4), Airteagal 19(1) go (6), Airteagal 20(1) agus (2), Airteagal 21(1) go (7), Airteagal 22, Airteagal 23(2) go (13), Airteagail 24, 25, 26 agus Airteagal 27(1) go (3);
|
|
(b)
|
easpa comhair nó neamhchomhlíonadh i ndáil le himscrúdú nó le cigireacht, nó le hiarraidh a chumhdaítear le hAirteagal 30(1).
|
Féadfaidh na Ballstáit a chinneadh gan rialacha a leagan síos maidir le pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile i gcás sáruithe atá faoi réir pionóis choiriúla faoina ndlí náisiúnta.
Faoin 10 Samhain 2021, tabharfaidh na Ballstáit fógra mionsonraithe don Choimisiún agus do ESMA maidir leis na rialacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír agus sa dara fomhír. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún agus do ESMA gan mhoill maidir le haon leasuithe a dhéanfar orthu ina dhiaidh sin.
|
|
Airteagal 39 2
|
2. Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú, i gcomhréir lena ndlí náisiúnta, go mbeidh sé de chumhacht ag údaráis inniúla na pionóis riaracháin agus na bearta riaracháin eile a leanas ar a laghad a fhorchur i ndáil le sáruithe a liostaítear i bpointe (a) den chéad fhomhír de mhír 1:
|
(a)
|
ráiteas poiblí lena gcuirtear an duine nádúrtha nó dlítheanach atá freagrach as an sárú in iúl agus cineál an tsáraithe freisin;
|
|
(b)
|
ordú lena gceanglófar ar an duine nádúrtha nó dlítheanach scor den iompar arb ionann é agus an sárú agus gan an iompar sin a dhéanamh in athuair;
|
|
(c)
|
cosc ar aon chomhalta de chomhlacht bainistíochta an duine dhlítheanaigh atá freagrach as an sárú, nó ar aon duine nádúrtha eile a leagtar freagracht air as an sárú, ó fheidhmeanna bainistíochta a fheidhmiú i soláthraithe seirbhísí sluachistiúcháin;
|
|
(d)
|
fíneálacha riaracháin airgid uasta suas le dhá oiread mhéid an tsochair a díorthaíodh ón sárú i gcás inar féidir an sochar sin a chinneadh, fiú más rud é gur mó é sin ná na huasmhéideanna a leagtar amach i bpointe (e);
|
|
(e)
|
i gcás duine dlítheanach, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 500 000 ar a laghad nó, sna Ballstáit nach é an euro an t-airgeadra iontu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta ar an 9 Samhain 2020, nó suas le 5 % de láimhdeachas bliantúil iomlán an duine dhlítheanaigh sin de réir na ráiteas airgeadais deireanach atá ar fáil a d’fhormheas an comhlacht bainistíochta. I gcás inar máthairghnóthas nó fochuideachta de chuid máthairghnóthais an duine dlítheanach a bhfuil sé de cheangal air ráitis airgeadais chomhdhlúite a ullmhú i gcomhréir le Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (23), is é an láimhdeachas bliantúil iomlán nó an cineál comhfhreagrach ioncaim an láimhdeachas bliantúil iomlán ábhartha i gcomhréir le dlí ábhartha an Aontais i réimse na cuntasaíochta de réir na ráiteas airgeadais comhdhlúite is déanaí atá ar fáil a d’fhormheas comhlacht bainistíochta an mháthairghnóthais deiridh;
|
|
(f)
|
i gcás duine nádúrtha, fíneálacha riaracháin uasta dar luach EUR 500 000 ar a laghad nó, i gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, an luach comhfhreagrach san airgeadra náisiúnta an 9 Samhain 2020.
|
|
|
Airteagal 39 3
|
3. Féadfaidh Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis nó bearta breise agus maidir le leibhéil fíneálacha riaracháin a bheidh níos airde ná na cinn siúd dá bhforáiltear sa Rialachán seo, i ndáil le daoine nádúrtha agus dlítheanacha araon atá freagrach as an sárú.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 20.10.2020 00:00:00 -Doknr: CELEX:32020R1503
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|