1. Cinneadh lena bhforchuirtear pionóis riaracháin nó bearta riaracháin eile de thoradh sárú ar an Rialachán seo, foilseoidh na húdaráis inniúla é ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla díreach tar éis don fhógra faoin gcinneadh sin a bheith tugtha don duine nádúrtha nó dlítheanach is ábhar don chinneadh sin. San fhaisnéis a fhoilseofar, áireofar ar a laghad faisnéis maidir le cineál an tsáraithe, mar aon le céannacht na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha atá freagrach as an sárú. Níl feidhm ag an oibleagáid sin maidir le cinntí lena bhforchuirtear bearta de chineál imscrúdaitheach.