+Airteagal 13 Monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
|
Airteagal 13 Monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 13 1.
|
Féadfaidh na Ballstáit a cheangal go gceapfaidh na hinstitiúidí creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach monatóir chun faireachán leanúnach a dhéanamh ar an gcomhthiomsú cumhdaigh i dtaca leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 6 go 12 agus in Airteagail 14 go 17.
|
|
Airteagal 13 2.
|
I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, déanfaidh siad rialacha a leagan síos maidir leis na gnéithe seo a leanas ar a laghad:
(a)
an monatóir ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a cheapadh agus a chur as oifig;
(b)
aon chritéir incháilitheachta maidir leis an monatóir ar an gcomhthiomsú cumhdaigh;
(c)
ról agus dualgais an mhonatóra ar an gcomhthiomsú cumhdaigh, lena n‐áirítear i gcás dhócmhainneacht nó réiteach na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;
(d)
an oibleagáid tuairisciú do na húdaráis inniúla atá ainmnithe de bhun Airteagal 18(2);
(e)
an ceart rochtana ar fhaisnéis is gá le haghaidh dualgais an mhonatóra ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a dhéanamh.
|
|
Airteagal 13 3.
|
I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, beidh monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh scoite agus neamhspleách ón institiúid creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach agus ó iniúchóir na hinstitiúide creidmheasa sin. Féadfaidh na Ballstáit monatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh nach bhfuil ar leithligh ón institiúid creidmheasa (“monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh”) a cheadú sna cásanna seo a leanas:
(a)
tá an monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh neamhspleách ó phróiseas cinnteoireachta creidmheasa na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach;
(b)
gan dochar do phointe (a) de mhír 2, áirithíonn na Ballstáit nach féidir an monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh a chur as an bpost sin mar mhonatóir ar chomhthiomsú cumhdaigh gan formheas roimh ré a fháil ón gcomhlacht bainistíochta i mbun a fheidhme maoirseachta ar an institiúid creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach; agus
(c)
i gcás inar gá, tá rochtain dhíreach ag an monatóir inmheánach ar an gcomhthiomsú cumhdaigh ar an gcomhlacht bainistíochta ina fheidhm mhaoirseachta.
|
|
Airteagal 13 4.
|
I gcás ina bhfeidhmeoidh Ballstáit an rogha dá bhforáiltear i mír 1, tabharfaidh siad fógra do ÚBE.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2162
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|