+Airteagal 20 Maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach i gcás dócmhainneachta nó réitigh
---+Airteagal 20 1.
---+Airteagal 20 2.
---+Airteagal 20 3.
---+Airteagal 20 4.
|
Airteagal 20 Maoirseacht phoiblí ar bhannaí faoi chumhdach i gcás dócmhainneachta nó réitigh
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 20 1.
|
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) leis an údarás réitigh i gcás réiteach de chuid institiúide creidmheasa a eisíonn bannaí faoi chumhdach chun a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na n‐infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear ar a laghad trí bhainistiú leanúnach agus fónta an chláir bannaí faoi chumhdach le linn thréimhse an phróisis réitigh a fhíorú.
|
|
Airteagal 20 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit foráil a dhéanamh le go gceapfar riarthóir speisialta chun a áirithiú go gcaomhnófar cearta agus leasanna na n-infheisteoirí i mbannaí faoi chumhdach, lena n‐áirítear ar a laghad trí bhainistiú leanúnach agus fónta an chláir bannaí faoi chumhdach le linn na tréimhse riachtanaí a fhíorú. I gcás ina bhfeidhmeoidh na Ballstáit an rogha sin, féadfaidh siad a cheangal ar a gcuid údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) ceapadh agus dífhostú an riarthóra speisialta a fhormheas, éileoidh na Ballstáit a fheidhmeoidh an rogha sin ar a laghad go rachfar i gcomhairle leis na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) maidir leis an riarthóir speisialta a cheapadh agus a chur as oifig.
|
|
Airteagal 20 3.
|
I gcás ina ndéanfaidh Ballstáit foráil maidir le riarthóir speisialta a cheapadh i gcomhréir le mír 2, glacfaidh siad rialacha lena leagfar síos cúraimí agus dualgais an riarthóra speisialta sin maidir leis an méid seo a leanas ar a laghad:
(a)
na dliteanais a bhaineann leis na bannaí faoi chumhdach a urscaoileadh;
(b)
sócmhainní cumhdaigh a bhainistiú agus a réadú, lena n‐áirítear a n‐aistriú i dteannta le dliteanais bannaí faoi chumhdach chuig institiúid creidmheasa eile a eisíonn bannaí faoi chumhdach;
(c)
na hidirbhearta dlíthiúla is gá a dhéanamh le haghaidh riaradh cuí an chomhthiomsaithe cumhdaigh, le haghaidh an fhaireacháin leanúnaigh ar chumhdach na ndliteanas a ghabhann leis na bannaí faoi chumhdach, chun imeachtaí a thionscnamh chun sócmhainní a thabhairt ar ais sa chomhthiomsú cumhdaigh agus chun na sócmhainní atá fágtha a aistriú chuig eastát dócmhainneachta na hinstitiúide creidmheasa a d’eisigh na bannaí faoi chumhdach tar éis gach dliteanas banna faoi chumhdach a bheith urscaoilte.
Chun críocha phointe (c) den chéad fhomhír, féadfaidh na Ballstáit a cheadú don riarthóir speisialta oibriú, i gcás dhócmhainneacht na hinstitiúide creidmheasa a eisíonn na bannaí faoi chumhdach, faoin údarú atá i seilbh na hinstitiúide creidmheasa sin, faoi réir na gceanglas oibríochtúil céanna.
|
|
Airteagal 20 4.
|
Áiritheoidh na Ballstáit comhordú agus malartú faisnéise chun críocha an phróisis dócmhainneachta nó réitigh i measc na n‐údarás inniúil a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2), an riarthóra speisialta, i gcás inar ceapadh riarthóir den sórt sin, agus, i gcás réitigh, an údaráis réitigh.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2162
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|