+Airteagal 30 Bearta idirthréimhseacha
---+Airteagal 30 1.
---+Airteagal 30 2.
|
Airteagal 30 Bearta idirthréimhseacha
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 30 1.
|
Maidir le bannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 8 Iúil 2022 agus a chomhlíonann na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE, de réir mar is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, áiritheoidh na Ballstáit nach bhfuil siad faoi réir na gceanglas a leagtar amach in Airteagail 5 go 12 agus in Airteagail 15, 16, 17 agus 19 den Treoir seo, ach féadfar leanúint de bheith ag tagairt dóibh mar bhannaí faoi chumhdach i gcomhréir leis an Treoir seo go dtí go mbeidh siad aibí. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis inniúla a ainmnítear de bhun Airteagal 18(2) den Treoir seo faireachán ar chomhlíonadh na mbannaí faoi chumhdach a eisíodh roimh an 8 Iúil 2022 leis na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 52(4) de Threoir 2009/65/CE, de réir mar is infheidhme ar dháta a n‐eisiúna, agus le ceanglais na Treorach seo, a mhéid atá siad infheidhme i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo.
|
|
Airteagal 30 2.
|
Féadfaidh na Ballstáit mír 1 a chur i bhfeidhm maidir le heisiúintí leanúnacha i ndáil le bannaí faoi chumhdach a ndéanfar oscailt ISIN ina leith roimh an 8 Iúil 2022 suas le 24 mhí tar éis an dáta sin, ar choinníoll go gcomhlíonfaidh na heisiúintí sin na ceanglais seo a leanas ar fad:
(a)
titeann dáta aibíochta an bhanna faoi chumhdach roimh an 8 Iúil 2027;
(b)
ní sháraíonn méid iomlán na n‐eisiúintí leanúnacha arna ndéanamh tar éis an 8 Iúil 2022 dhá oiread de mhéid iomlán na mbannaí faoi chumhdach gan íoc ar an dáta sin;
(c)
ní sháraíonn méid iomlán eisiúna an bhanna faoi chumhdach tráth na haibíochta EUR 6 000 000 000 nó an méid comhionann in airgeadra intíre;
(d)
tá na sócmhainní comhthaobhachta lonnaithe sa Bhallstát a chuireann mír 1 i bhfeidhm maidir le heisiúintí leanúnacha bannaí faoi chumhdach.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32019L2162
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|