|
+Airteagal 6 1. |
Airteagal 6 1.Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta agus beidh cearta vótála acu:
(a)
Uachtarán agus Leas-Uachtarán an BCE;
(b)
Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Ballstáit nach bhfuil an banc ceannais náisiúnta ina údarás ainmnithe iontu de bhun Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 4 ) nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 5 ) agus ina bhfuil an ról ceannasach ag an údarás ainmnithe sin i ndáil le cobhsaíocht airgeadais ina réimse inniúlachta, féadfaidh siad, de rogha air sin, ionadaí ardleibhéil ó údarás ainmnithe de bhun Threoir 2013/36/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a roghnú;
(c)
ionadaí ón gCoimisiún;
(d)
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach);
(e)
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);
(f)
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);
(g)
Cathaoirleach agus beirt Leas-Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíoch;
(h)
Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|