+Airteagal 6 An Bord Ginearálta
---+Airteagal 6 1.
---+Airteagal 6 2.
---+Airteagal 6 3.
---+Airteagal 6 4.
|
Airteagal 6 An Bord Ginearálta
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 6 1.
|
Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta agus beidh cearta vótála acu:
(a)
Uachtarán agus Leas-Uachtarán an BCE;
▼M1
(b)
Gobharnóirí na mbanc ceannais náisiúnta. Ballstáit nach bhfuil an banc ceannais náisiúnta ina údarás ainmnithe iontu de bhun Threoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
4
) nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
5
) agus ina bhfuil an ról ceannasach ag an údarás ainmnithe sin i ndáil le cobhsaíocht airgeadais ina réimse inniúlachta, féadfaidh siad, de rogha air sin, ionadaí ardleibhéil ó údarás ainmnithe de bhun Threoir 2013/36/AE nó Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a roghnú;
▼B
(d)
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach);
(e)
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);
(f)
Cathaoirleach an Údaráis Maoirseachta Eorpaigh (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);
(g)
Cathaoirleach agus beirt Leas-Chathaoirleach an Choiste Chomhairligh Eolaíoch;
(h)
Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil.
|
|
Airteagal 6 2.
|
Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta gan cearta vótála acu:
▼M1
(a)
faoi réir cinneadh gach Ballstáit i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 agus i gcomhréir le mír 3, ionadaí ardleibhéil amháin in aghaidh an Bhallstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ó údarás náisiúnta a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a stiúradh, nó ón mbanc ceannais náisiúnta, mura rud é nach é Gobharnóir an bhainc ceannais náisiúnta comhalta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus sa chás sin comhalta an Bhoird Ghinearálta gan cearta vótála a bheidh san ionadaí ardleibhéil ó bhanc ceannais náisiúnta;
▼B
(b)
Uachtarán an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA);
▼M1
(c)
Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE;
(d)
Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
6
).
|
|
Airteagal 6 3.
|
Déanfaidh na hionadaithe ardleibhéil faoi seach dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 2 uainíocht ag brath ar an ítim a bheidh á plé, mura rud é gur chomhaontaigh údaráis náisiúnta Ballstáit áirithe ar ionadaí comhchoiteann.
|
|
Airteagal 6 4.
|
Bunóidh an Bord Ginearálta na rialacha nós imeachta le haghaidh an BERS.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1092
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|