|
+Airteagal 6 2. |
Airteagal 6 2.Beidh siad seo a leanas ina gcomhaltaí den Bhord Ginearálta gan cearta vótála acu:
(a)
faoi réir cinneadh gach Ballstáit i gcomhréir le pointe (b) de mhír 1 agus i gcomhréir le mír 3, ionadaí ardleibhéil amháin in aghaidh an Bhallstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, ó údarás náisiúnta a bhfuil sé de chúram air an beartas macrastuamachta a stiúradh, nó ón mbanc ceannais náisiúnta, mura rud é nach é Gobharnóir an bhainc ceannais náisiúnta comhalta an Bhoird Ghinearálta ag a bhfuil cearta vótála dá dtagraítear i bpointe (b) de mhír 1, agus sa chás sin comhalta an Bhoird Ghinearálta gan cearta vótála a bheidh san ionadaí ardleibhéil ó bhanc ceannais náisiúnta;
(b)
Uachtarán an Choiste Eacnamaíoch agus Airgeadais (CEA);
(c)
Cathaoirleach Bhord Maoirseachta BCE;
(d)
Cathaoirleach an Bhoird Réitigh Aonair a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 806/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 6 ). 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|