+Airteagal 13 Coiste Comhairleach Teicniúil
---+Airteagal 13 1.
---+Airteagal 13 2.
---+Airteagal 13 3.
---+Airteagal 13 4.
---+Airteagal 13 4a.
---+Airteagal 13 5.

Airteagal 13 Coiste Comhairleach Teicniúil

1. Forbhreathnú

,
Teideal Rialáil
Airteagal 13 1.

Beidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhdhéanta díobh seo a leanas:

(a) 

ionadaí ó gach banc ceannais náisiúnta agus ionadaí ón BCE;

(b) 

ionadaí amháin in aghaidh an Bhallstáit ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla, i gcomhréir leis an dara fomhír;

(c) 

ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Baincéireachta Eorpach);

(d) 

ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde);

(e) 

ionadaí ón Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí);

▼M1

(f) 

ionadaí ón gCoimisiún;

▼M1

(fa) 

ionadaí ó Bhord Maoirseachta BCE;

(fb) 

ionadaí ón mBord Réitigh Aonair;

▼B

(g) 

ionadaí ón CEA; agus

(h) 

ionadaí ón gCoiste Comhairleach Eolaíoch.

Roghnóidh údaráis mhaoirseachta gach Ballstáit ionadaí amháin ar an gCoiste Comhairleach Teicniúil. I dtaca le hionadaíocht na n-údarás maoirseachta náisiúnta faoi phointe (b) den chéad fhomhír, déanfaidh na hionadaithe faoi seach uainíocht ag brath ar an ítim a bheidh á plé, mura rud é go mbeidh údaráis mhaoirseachta náisiúnta de chuid Ballstáit áirithe tar éis comhaontú ar ionadaí comhchoiteann.

Airteagal 13 2.
Is é an Bord Ginearálta a cheapfaidh Cathaoirleach an Choiste Chomhairligh Theicniúil tar éis do Chathaoirleach an BERS é a mholadh.
Airteagal 13 3.
Déanfaidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhairle agus cúnamh a sholáthar do BERS i gcomhréir le hAirteagal 4(5) arna iarraidh sin do Chathaoirleach BERS nó don Bhord Ginearálta.
Airteagal 13 4.
Tacóidh Rúnaíocht an BERS le hobair an Choiste Chomhairligh Theicniúil agus glacfaidh ceann na Rúnaíochta páirt ina chruinnithe.
Airteagal 13 4a.
I gcás inarb iomchuí, eagróidh an Coiste Comhairleach Teicniúil comhairliúcháin le geallsealbhóirí, amhail rannpháirtithe sa mhargadh, comhlachtaí tomhaltóra agus saineolaithe acadúla, go luath agus ar shlí oscailte thrédhearcach agus aird á tabhairt ar cheanglas na rúndachta. Déanfar comhairliúcháin den sórt sin a fhorleithne agus is féidir chun cur chuige cuimsitheach i leith gach páirtí leasmhar agus gach earnáil ábhartha airgeadais a áirithiú agus sa tslí sin tabharfar tréimhse réasúnta do na geallsealbhóirí freagairt a thabhairt.
Airteagal 13 5.
Soláthrófar gach rud is gá don Choiste Comhairleach Teicniúil lena chur ar a chumas a chuid cúraimí a thabhairt chun críche go rathúil.

1.1 Tagairtí

1.2 Ceanglais aitheanta

1.3 Caighdeáin ghaolmhara

2. Ceanglais aitheanta

Ceanglais
Foinse Ceanglas

3. Caighdeáin ghaolmhara

Caighdeáin
Foinse Ceanglas
  • Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1092
  • EULAW -

    EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.

    DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.