+Airteagal 19 Cuntasacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú
---+Airteagal 19 1.
---+Airteagal 19 2.
---+Airteagal 19 3.
---+Airteagal 19 4.
---+Airteagal 19 5.
---+Airteagal 19 6.
|
Airteagal 19 Cuntasacht agus oibleagáidí maidir le tuairisciú
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 19 1.
|
Uair sa bhliain ar a laghad, agus níos minice ná sin i gcás cruachás forleathan airgeadais, tabharfaidh coiste inniúil Pharlaimint na hEorpa cuireadh do Chathaoirleach BERS a bheith i láthair ag éisteacht i bParlaimint na hEorpa ag an tráth a fhoilsítear tuarascáil bhliantúil BERS do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle. Déanfar an éisteacht sin a sheoladh ar leithligh ón idirphlé airgeadaíochta idir Parlaimint na hEorpa agus Uachtarán BCE.
|
|
Airteagal 19 2.
|
Beidh sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo an fhaisnéis a chinnfidh an Bord Ginearálta a phoibliú i gcomhréir le hAirteagal 18 den Rialachán seo. Cuirfear an tuarascáil bhliantúil ar fáil don phobal agus áireofar inti cuntas ar na hacmhainní a chuirtear ar fáil do BERS i gcomhréir le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010.
|
|
Airteagal 19 3.
|
Scrúdóidh an BERS saincheisteanna sonracha freisin arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle nó don Choimisiún.
|
|
Airteagal 19 4.
|
Féadfaidh Parlaimint na hEorpa a iarraidh ar Chathaoirleach an BERS freastal ar éisteacht de chuid na gCoistí inniúla de Pharlaimint na hEorpa.
|
|
Airteagal 19 5.
|
Déanfaidh Cathaoirleach an BERS, dhá uair sa bhliain ar a laghad agus níos minice ná sin má mheastar gurb iomchuí sin, pléití rúnda ó bhéal faoi ghníomhaíocht leanúnach an BERS a sheoladh i seomra iata le Cathaoirleach agus le Leas-Chathaoirligh Choiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta. Déanfar comhaontú idir Parlaimint na hEorpa agus an BERS maidir leis na modúlachtaí mionsonraithe chun na cruinnithe sin a eagrú, d’fhonn lán-rúndacht i gcomhréir le hAirteagal 8 a áirithiú. Tabharfaidh an BERS cóip den chomhaontú sin don Chomhairle.
|
|
Airteagal 19 6.
|
Tabharfaidh BERS freagra ó bhéal nó i scríbhinn ar cheisteanna a chuirfidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle air. Tabharfaidh sé freagra ar na ceisteanna sin gan moill mhíchuí. Nuair a tharchuirfear faisnéis rúnda, áiritheoidh Parlaimint na hEorpa rúndacht iomlán na faisnéise sin i gcomhréir le hAirteagal 8 agus le mír 5 den Airteagal seo.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 10.11.2025 00:00:00 -Doknr: CELEX:32010R1092
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|