|
+Airteagal 2 Sainmhínithe |
Airteagal 2 SainmhínitheAirteagal 2 Sainmhínithe Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
(1)
ciallaíonn ‘eisitheoir’ eintiteas a eisíonn bannaí;
(2)
ciallaíonn ‘ceannasaí’ eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(2), pointe (b), de Rialachán (AE) 2017/1129;
(3)
ciallaíonn ‘ceanglais maidir le tacsanomaíocht’ na critéir le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh am chomhshaoil de agus a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852;
(4)
ciallaíonn ‘margadh rialáilte’ margadh rialáilte mar a shainmhínítear é in Airteagal 4(1), pointe (21), de Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 1 );
(5)
ciallaíonn ‘banna a mhargaítear mar bhanna atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de’ banna a dtugann a eisitheoir gealltanas nó éileamh réamhchonarthach d’aon chineál d’infheisteoirí go leithdháiltear fáltais an bhanna ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn le cuspóir comhshaoil;
(6)
ciallaíonn ‘banna atá nasctha le hinbhuanaitheacht’ banna a n-athraíonn a shaintréithe airgeadais nó struchtúracha ag brath ar a mhéid atá cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil réamhshainithe bainte amach ag an eisitheoir;
(7)
ciallaíonn ‘Ballstát baile’ Ballstát baile mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (m), de Rialachán (AE) 2017/1129;
(8)
ciallaíonn ‘Ballstát óstach’ Ballstát óstach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (n), de Rialachán (AE) 2017/1129;
(9)
ciallaíonn ‘sócmhainn airgeadais’ fiachas nó cothromas, nó teaglaim díobh sin;
(10)
ciallaíonn ‘a chuirtear ar fáil d’infheisteoirí san Aontas’:
(a)
aon tairiscint don phobal san Aontas; nó
(b)
bannaí a ligean isteach chun a dtrádála in ionad trádála atá lonnaithe san Aontas;
(11)
ciallaíonn ‘tairiscint don phobal’ tairiscint urrús don phobal mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (d), de Rialachán (AE) 2017/1129;
(12)
ciallaíonn ‘ionad trádála’ ionad trádála mar a shainmhínítear in Airteagal 4(1), pointe (24), de Threoir 2014/65/AE;
(13)
ciallaíonn ‘plean CapEx’ plean CapEx dá bhforáiltear i bpointe 1.1.2.2, pointe (b), agus pointe 1.1.3.2, pointe (b), d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178;
(14)
ciallaíonn ‘costais eisiúna’ costais a bhaineann go díreach le bannaí a eisiúint, lena n-áirítear costais arna dtabhú as comhairle ghairmiúil, seirbhísí dlí, rátáil, athbhreithniú seachtrach, frithghealladh agus láithriú;
(15)
ciallaíonn ‘critéir scagtha theicniúla’ na critéir scagtha theicniúla a leagtar amach sna gníomhartha tarmligthe arna nglacadh de bhun Airteagail 10(3), 11(3), 12(2), 13(2), 14(2) nó 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852;
(16)
ciallaíonn ‘gníomhaíocht eacnamaíoch idirthréimhseach’ gníomhaíocht eacnamaíoch a chomhlíonann Airteagal 10(2) de Rialachán (AE) 2020/852;
(17)
ciallaíonn ‘gníomhaíocht eacnamaíoch chumasúcháin’ gníomhaíocht eacnamaíoch a chomhlíonann Airteagal 16 de Rialachán (AE) 2020/852;
(18)
ciallaíonn ‘urrúsú’ urrúsú mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (1), de Rialachán (AE) 2017/2402;
(19)
ciallaíonn ‘tionscnóir’ tionscnóir mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2017/2402;
(20)
ciallaíonn ‘eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin’ nó ‘SSPE’ eintiteas sainchuspóireach urrúsúcháin nó SSPE mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) 2017/2402;
(21)
ciallaíonn ‘neamhchosaint urrúsaithe’ neamhchosaint a áirítear in urrúsú;
(22)
ciallaíonn ‘banna urrúsúcháin’ banna arna eisiúint ag SSPE i gcomhréir le Teideal II, Caibidil 3;
(23)
ciallaíonn ‘urrúsú sintéiseach’ urrúsú sintéiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (10), de Rialachán (AE) 2017/2402;
(24)
ciallaíonn ‘breoslaí iontaise’ breoslaí iontaise mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (62), de Rialachán (AE) 2018/1999; 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|