|
+Airteagal 4 1. |
Airteagal 4 1.Roimh aibíocht Banna Ghlais Eorpaigh, leithdháilfear fáltais ó bhanna den sórt sin ina n-iomláine, i gcomhréir leis na ceanglais maidir le tacsanomaíocht, ar cheann amháin nó níos mó de na catagóirí seo a leanas (an ‘cur chuige céimnithe’):
(a)
sócmhainní seasta nach sócmhainní airgeadais iad;
(b)
caiteachas caipitil a thagann faoi phointe 1.1.2.2. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178;
(c)
caiteachas oibriúcháin a thagann faoi phointe 1.1.3.2. d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe(AE) 2021/2178 agus a tabhaíodh tráth nach déanaí ná 3 bliana roimh eisiúint an Bhanna Ghlais Eorpaigh;
(d)
sócmhainní airgeadais a cruthaíodh tráth nach déanaí ná 5 bliana tar éis an Banna Glas Eorpach a eisiúint;
(e)
sócmhainní agus caiteachas teaghlach. De mhaolú ar an gcéad fhomhír, féadfaidh eisitheoirí costais eisiúna a asbhaint ó fháltais an Bhanna Ghlais Eorpaigh sula leithdháilfear na fáltais sin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|