+Airteagal 8 Na critéir scagtha theicniúla agus marthanachta a chur i bhfeidhm
---+Airteagal 8 1.
---+Airteagal 8 2.
---+Airteagal 8 3.
---+Airteagal 8 4.
|
Airteagal 8 Na critéir scagtha theicniúla agus marthanachta a chur i bhfeidhm
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 8 1.
|
I gcás ina leithdháilfidh eisitheoirí na fáltais ó Bhannaí Glasa Eorpacha ar na húsáidí a leagtar amach in Airteagal 4(1) agus (3), áiritheoidh siad an méid seo a leanas:
(a)
leithdháiltear na fáltais sin i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla is infheidhme tráth eisiúna an bhanna;
(b)
i gcás ina leasófar na critéir scagtha theicniúla tar éis an banna a eisiúint, déanfar na fáltais seo a leanas a leithdháileadh i gcomhréir leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe tráth nach déanaí ná 7 mbliana ó dháta chur i bhfeidhm na gcritéar leasaithe:
(i)
fáltais nach bhfuil leithdháilte go fóill; agus
(ii)
fáltais a chumhdaítear le plean CapEx i gcomhréir le hAirteagal 7 nár chomhlíon na ceanglais maidir le tacsanomaíocht go fóill.
|
|
Airteagal 8 2.
|
I gcás ina leithdháilfidh eisitheoirí fáltais i gcomhréir leis an gcur chuige punainne, ní áireoidh eisitheoirí ina bpunann ach na sócmhainní sin a bhfuil a mbunghníomhaíocht eacnamaíoch ailínithe le haon chritéir scagtha theicniúla ab infheidhme ag aon phointe le linn na 7 mbliana roimh dháta foilsithe na tuarascála leithdháilte.
|
|
Airteagal 8 3.
|
I gcás ina bhfuil an baol ann nach ndéanfar na fáltais ó bhanna gan íoc a ailíniú le mír 1, pointe (b)(ii), déanfaidh an t-eisitheoir plean a tharraingt suas, a chur faoi bhráid athbhreithniú seachtrach ag athbhreithneoir seachtrach agus foilseoidh sé plean chun iad a ailíniú a mhéid is féidir leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe agus chun iarmhairtí diúltacha na heaspa ailínithe iomláin leis na critéir scagtha theicniúla leasaithe a mhaolú a mhéid is féidir. Foilseoidh an t-eisitheoir an plean sin sula rachaidh an tréimhse a leagtar amach i mír 1, pointe (b), in éag.
|
|
Airteagal 8 4.
|
Léireofar ailíniú leis na critéir scagtha theicniúla ábhartha sa tuarascáil leithdháilte dá dtagraítear in Airteagal 11.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|