|
+Airteagal 15 a 1. |
Airteagal 15 a 1.Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon cheann acu seo a leanas á phoibliú aige:
(a)
an bhileog eolais, an t-athbhreithniú réamheisiúna a bhaineann leis an mbileog eolais, tuarascálacha leithdháilte bliantúla, an t-athbhreithniú iareisiúna a bhaineann le tuarascáil leithdháilte bhliantúil amháin, nó a bhaineann le roinnt tuarascálacha leithdháilte bliantúla, an tuarascáil tionchair, an t-athbhreithniú ar an tuarascáil tionchair dá dtagraítear in Airteagal 15;
(b)
an nochtadh réamheisiúna dá dtagraítear in Airteagal 20, agus an nochtadh iareisiúna tréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 21; déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 nó 4 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ( 2 ). Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile an eisitheora lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)
méid an eisitheora, de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
(iv)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(v)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|