+Airteagal 15 a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
---+Airteagal 15 a 1.
---+Airteagal 15 a 2.
---+Airteagal 15 a 3.
---+Airteagal 15 a 4.
---+Airteagal 15 a 5.
---+Airteagal 15 a 6.
|
Airteagal 15 a Inrochtaineacht faisnéise ar an bpointe rochtana aonair Eorpach
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 15 a 1.
|
Ón 10 Eanáir 2030, nuair a bheidh aon cheann acu seo a leanas á phoibliú aige:
(a)
an bhileog eolais, an t-athbhreithniú réamheisiúna a bhaineann leis an mbileog eolais, tuarascálacha leithdháilte bliantúla, an t-athbhreithniú iareisiúna a bhaineann le tuarascáil leithdháilte bhliantúil amháin, nó a bhaineann le roinnt tuarascálacha leithdháilte bliantúla, an tuarascáil tionchair, an t-athbhreithniú ar an tuarascáil tionchair dá dtagraítear in Airteagal 15;
(b)
an nochtadh réamheisiúna dá dtagraítear in Airteagal 20, agus an nochtadh iareisiúna tréimhsiúil dá dtagraítear in Airteagal 21;
déanfaidh an t-eisitheoir an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 nó 4 den Airteagal seo an tráth céanna chun í a dhéanamh inrochtana ar an bpointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) arna bhunú faoi Rialachán (AE) 2023/2859 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (
2
).
Leis an bhfaisnéis sin, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:
(a)
déanfar an fhaisnéis a thíolacadh i bhformáid ónar féidir sonraí a asbhaint mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) 2023/2859 nó, i gcás ina gceanglaítear amhlaidh le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (4) de Rialachán (AE) 2023/2859;
(b)
beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)
ainmneacha uile an eisitheora lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)
aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2023/2859;
(iii)
méid an eisitheora, de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (d), den Rialachán sin;
(iv)
an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4), pointe (c), den Rialachán sin;
(v)
léiriú ar cé acu atá nó nach bhfuil sonraí pearsanta san fhaisnéis.
|
|
Airteagal 15 a 2.
|
Chun críocha mhír 1, an dara fomhír, pointe (b)(ii), gheobhaidh an t-eisitheoir aitheantóir eintitis dhlítheanaigh.
|
|
Airteagal 15 a 3.
|
Chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, is é a bheidh sa chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 ná ESMA.
|
|
Airteagal 15 a 4.
|
Faoin 9 Eanáir 2030, chun an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), den Airteagal seo a dhéanamh inrochtana ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit comhlacht bailiúcháin amháin ar a laghad mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) 2023/2859 agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
|
|
Airteagal 15 a 5.
|
Chun bailiú agus bainistiú éifeachtúil na faisnéise arna tíolacadh i gcomhréir le mír 1 a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
(a)
aon mheiteashonraí eile atá le gabháil leis an bhfaisnéis;
(b)
struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)
cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí. Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 15 a 6.
|
I gcás inar gá, glacfaidh ESMA treoirlínte i gcomhair eintiteas chun a áirithiú go mbeidh na meiteashonraí arna dtíolacadh i gcomhréir le mír 5, an chéad fhomhír, pointe (a), ceart.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|