|
+Airteagal 21 3. |
Airteagal 21 3.I gcás eisitheoir bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
(a)
réasúnaíocht, leibhéal uaillmhéine, ábharthacht agus modheolaíocht ríofa na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna leagan síos ag an eisitheoir;
(b)
i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh fáltais an bhanna le cur chun feidhme na bpleananna sin;
(c)
i gcás inarb ábhartha, an modh ina bhfuil fáltais an banna nasctha le láimhdeachas atá tacsanomaíocht-ailínithe, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a chur i bhfeidhm;
(d)
tuairisc ar struchtúr na mbannaí, lena n-áirítear an sásra coigeartaithe cúpóin. 1. Forbhreathnú
1.1 Tagairtí1.2 Ceanglais aitheanta1.3 Caighdeáin ghaolmhara2. Ceanglais aitheanta
3. Caighdeáin ghaolmhara
|