+Airteagal 21 Nochtaí iareisiúna tréimhsiúla d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht
---+Airteagal 21 1.
---+Airteagal 21 2.
---+Airteagal 21 3.
---+Airteagal 21 4.
|
Airteagal 21 Nochtaí iareisiúna tréimhsiúla d’eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de nó bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 21 1.
|
Féadfaidh eisitheoirí bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht nochtaí maidir le faisnéis iareisiúna thréimhsiúil a dhéanamh trí bhíthin teimpléid choiteanna. I gcás ina ndéanfaidh eisitheoir nochtaí faisnéis iareisiúna thréimhsiúil i gcomhréir leis an gcéad fhomhír den mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 44 go dtí aibíocht an bhanna.
|
|
Airteagal 21 2.
|
I gcás eisitheoir bannaí a mhargaítear mar bhannaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
(a)
i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina rannchuidíonn fáltais ó bhannaí le cur chun feidhme na bpleananna sin;
(b)
i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir na hoibleagáide faisnéis a nochtadh de bhun Airteagal 8 de Rialachán (AE) 2020/852, an modh ina rannchuidíonn fáltais ó bhannaí le láimhdeachas atá tacsanomaíocht-ailínithe an eisitheora, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora;
(c)
an sciar íosta d’fháltais ó bhannaí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de faoi Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852.
|
|
Airteagal 21 3.
|
I gcás eisitheoir bannaí atá nasctha le hinbhuanaitheacht, áireofar sna teimpléid dá dtagraítear i mír 1 na heilimintí seo a leanas ar a laghad:
(a)
réasúnaíocht, leibhéal uaillmhéine, ábharthacht agus modheolaíocht ríofa na bpríomhtháscairí feidhmíochta arna leagan síos ag an eisitheoir;
(b)
i gcás ina mbeidh an t-eisitheoir faoi réir oibleagáid pleananna a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a(2), pointe (a)(iii), nó Airteagal 29a(2), pointe (a)(iii), de Threoir 2013/34/AE, nó i gcás inar fhoilsigh an t-eisitheoir na pleananna sin dá dheoin féin, an modh ina bhfuil sé beartaithe go rannchuideoidh fáltais an bhanna le cur chun feidhme na bpleananna sin;
(c)
i gcás inarb ábhartha, an modh ina bhfuil fáltais an banna nasctha le láimhdeachas atá tacsanomaíocht-ailínithe, caiteachas caipitil agus caiteachas oibriúcháin an eisitheora trí Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a chur i bhfeidhm;
(d)
tuairisc ar struchtúr na mbannaí, lena n-áirítear an sásra coigeartaithe cúpóin.
|
|
Airteagal 21 4.
|
Glacfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 68 faoin 21 Nollaig 2024 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí ábhar, modheolaíochtaí agus cur i láthair na faisnéise a bheidh le nochtadh sna teimpléid a bhunú dá dtagraítear i míreanna 2 agus 3 den Airteagal seo. Agus an gníomh tarmligthe sin á dhréachtú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh an fhaisnéis maidir le gnéithe comhshaoil, sóisialta agus rialachais a cheanglaítear a nochtadh faoi ghníomhartha reachtacha ábhartha eile, lena n-áirítear Rialachán (AE) 2017/1129, chun nochtaí forluiteacha d’eisitheoirí a sheachaint. Agus an gníomh tarmligthe sin á dhréachtú aige, breithneoidh an Coimisiún freisin riachtanais faisnéise na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais faoi réir cheanglais nochta Rialachán (AE) 2019/2088.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|