+Airteagal 34 Ceanglais maidir le taifid a choimeád
---+Airteagal 34 1.
---+Airteagal 34 2.
---+Airteagal 34 3.
|
Airteagal 34 Ceanglais maidir le taifid a choimeád
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 34 1.
|
Coimeádfaidh na hathbhreithneoirí seachtracha taifid leormhaithe díobh seo a leanas:
(a)
céannacht na ndaoine atá rannpháirteach i gcinneadh agus i bhformheas na n-athbhreithnithe, agus an dáta a rinneadh na cinntí chun na hathbhreithnithe a fhormheas;
(b)
an doiciméadacht maidir leis na nósanna imeachta agus na modheolaíochtaí bunaithe arna n-úsáid ag na hathbhreithneoirí seachtracha chun na hathbhreithnithe a dhéanamh agus a tharraingt suas;
(c)
na doiciméid inmheánacha, lena n-áirítear faisnéis nach faisnéis phoiblí í agus páipéir oibre, a úsáidtear mar an bunús d’aon athbhreithniú foilsithe;
(d)
taifid ar na nósanna imeachta agus na bearta a chuir na hathbhreithneoirí seachtracha chun feidhme chun an Rialachán seo a chomhlíonadh;
(e)
cóipeanna de chumarsáidí inmheánacha agus seachtracha a bhaineann le gníomhaíochtaí measúnúcháin, lena n-áirítear cumarsáidí leictreonacha, a fuair an t-athbhreithneoir seachtrach agus a fhostaithe;
(f)
an doiciméadacht ina bhfuil measúnuithe réamhchonarthacha dá dtagraítear in Airteagal 35(2).
|
|
Airteagal 34 2.
|
Coimeádfar na taifid agus na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 go dtí go mbeidh 5 bliana ar a laghad caite tar éis aibíocht an bhanna lena mbaineann agus cuirfear ar fáil do ESMA iad arna iarraidh sin dó.
|
|
Airteagal 34 3.
|
I gcás inar tharraing ESMA siar clárú an athbhreithneora sheachtraigh i gcomhréir le hAirteagal 59(1), áiritheoidh an t-athbhreithneoir seachtrach sin go gcoimeádfar na taifid agus na doiciméid ar feadh 5 bliana breise. Coimeádfar taifid agus doiciméid ina leagtar amach cearta agus oibleagáidí faoi seach an athbhreithneora sheachtraigh agus eisitheoir an Bhanna Ghlais Eorpaigh faoi chomhaontú chun seirbhísí measúnúcháin a sholáthar ar feadh thréimhse an chaidrimh leis an eisitheoir sin.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|