+Airteagal 40 Cinneadh coibhéise
---+Airteagal 40 1.
---+Airteagal 40 2.
---+Airteagal 40 3.
---+Airteagal 40 4.
---+Airteagal 40 5.
|
Airteagal 40 Cinneadh coibhéise
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 40 1.
|
Féadfaidh an Coimisiún cinneadh a ghlacadh i ndáil le tríú tír ina luaitear go n-áirithítear le creataí dlíthiúla agus maoirseachta an tríú tír sin an méid seo a leanas:
(a)
go gcomhlíonann athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe nó údaraithe sa tríú tír sin ceanglais eagraíochtúla agus iompair gnó atá ceangailteach ó thaobh dlí agus a bhfuil éifeacht choibhéiseach acu leis na ceanglais a leagtar síos sa Rialachán seo agus sna bearta cur chun feidhme arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo;
(b)
go bhforáiltear le creat dlíthiúil an tríú tír sin do chóras coibhéiseach éifeachtach chun aitheantas a thabhairt d’athbhreithneoirí seachtracha atá cláraithe nó údaraithe faoi dhlí an tríú tír sin.
|
|
Airteagal 40 2.
|
Féadfaidh an Coimisiún a mheas go bhfuil éifeacht choibhéiseach ag creat eagraíochtúil agus iompair gnó tríú tír le ceanglais an Rialacháin seo más rud é, laistigh den chreat sin, go bhfuil eintitis a sholáthraíonn seirbhísí athbhreithnithe sheachtraigh faoi réir an mhéid seo a leanas:
(a)
clárú nó údarú agus maoirseacht agus forfheidhmiú éifeachtach ar bhonn leanúnach;
(b)
ceanglais eagraíochtúla leormhaithe i réimse fheidhmeanna an rialaithe inmheánaigh;
(c)
rialacha iomchuí maidir le gnó a sheoladh.
|
|
Airteagal 40 3.
|
Bunóidh ESMA socruithe comhair leis na húdaráis inniúla ábhartha de chuid tríú tíortha a shainaithnítear go bhfuil a gcreataí dlí agus maoirseachta coibhéiseach go héifeachtach i gcomhréir le mír 1. Sonrófar leis na socruithe sin an méid seo a leanas:
(a)
an sásra maidir leis an malartú faisnéise idir ESMA agus údaráis inniúla na dtríú tíortha lena mbaineann, lena n-áirítear rochtain ar an bhfaisnéis uile maidir leis na hathbhreithneoirí seachtracha tríú tír atá cláraithe nó údaraithe i dtríú tíortha arna iarraidh ag ESMA;
(b)
an sásra chun fógra a thabhairt go pras do ESMA i gcás ina measfaidh údarás inniúil tríú tír go bhfuil athbhreithneoir seachtrach tríú tír atá faoi mhaoirsiú aige agus atá cláraithe ag ESMA sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 67 ag sárú coinníollacha a chlárúcháin nó a údaraithe nó an dlí is infheidhme;
(c)
na nósanna imeachta maidir le comhordú na ngníomhaíochtaí maoirseachta lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cigireachtaí ar an láthair.
|
|
Airteagal 40 4.
|
Athbhreithneoir seachtrach tríú tír atá bunaithe i dtír inar sainaithníodh a chreat dlí agus maoirseachta mar cheann atá coibhéiseach go héifeachtach i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, agus atá cláraithe sa chlár dá dtagraítear in Airteagal 67, beidh sé in ann na seirbhísí a chumhdaítear leis an gclárú d’eisitheoirí bannaí glasa Eorpacha a sholáthar ar fud an Aontais.
|
|
Airteagal 40 5.
|
Ní bhainfidh athbhreithneoir seachtrach tríú tír úsáid níos mó as na cearta faoi Airteagal 39 i gcás ina ndéanann an Coimisiún a chinneadh dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo maidir leis an tríú tír sin a chúlghairm.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|