+Airteagal 46 Comhar idir na húdaráis inniúla
---+Airteagal 46 1.
---+Airteagal 46 2.
---+Airteagal 46 3.
---+Airteagal 46 4.
---+Airteagal 46 5.
---+Airteagal 46 6.
---+Airteagal 46 7.
|
Airteagal 46 Comhar idir na húdaráis inniúla
1. Forbhreathnú
| Teideal |
Rialáil |
|
Airteagal 46 1.
|
Comhoibreoidh na húdaráis inniúla chun críocha an Rialacháin seo. Déanfaidh siad faisnéis a mhalartú gan moill mhíchuí agus comhoibreoidh siad ó thaobh imscrúdaithe, maoirseachta agus forfheidhmiúcháin de. I gcás na mBallstát a chinn, i gcomhréir le hAirteagal 49(5), pionóis choiriúla a leagan síos as sáruithe ar an Rialachán seo, áiritheoidh siad go bhfuil bearta iomchuí i bhfeidhm ionas go mbeidh na cumhachtaí uile is gá ag na húdaráis inniúla chun idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha laistigh dá ndlínse chun faisnéis shonrach a fháil maidir le himscrúduithe coiriúla nó imeachtaí dlíthiúla arna dtionscnamh de dheasca sáruithe líomhnaithe ar an Rialachán seo agus chun an fhaisnéis chéanna a sholáthar d’údaráis inniúla eile chun a ndualgas a chomhlíonadh maidir le comhoibriú lena chéile chun críocha an Rialacháin seo.
|
|
Airteagal 46 2.
|
Féadfaidh údarás inniúil diúltú gníomhú de bhun iarraidh ar fhaisnéis nó de bhun iarraidh comhoibriú le himscrúdú, in aon cheann de na himthosca eisceachtúla seo a leanas agus sna himthosca sin amháin:
(a)
i gcás inar dócha go mbeidh éifeacht dhiúltach ann ar a imscrúdú, ar a ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin féin nó ar imscrúdú coiriúil má chomhlíontar an iarraidh;
(b)
i gcás inar tionscnaíodh imeachtaí dlíthiúla cheana i leith na ngníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna os comhair údaráis ábhartha Bhallstát an údaráis inniúil sin;
(c)
i gcás inar tugadh breithiúnas críochnaitheach cheana i leith na ndaoine dá dtagraítear i bpointe (b), maidir leis na gníomhaíochtaí céanna i mBallstát an údaráis inniúil sin.
|
|
Airteagal 46 3.
|
Féadfaidh údaráis inniúla cúnamh a iarraidh ar údarás inniúla de chuid Ballstát eile maidir le cigireachtaí nó imscrúduithe ar an láthair. I gcás ina bhfaigheann údarás inniúil iarraidh ó údarás inniúil de chuid Ballstáit eile cigireacht nó imscrúdú ar an láthair a dhéanamh, féadfaidh sé aon cheann de na rudaí seo a leanas a dhéanamh:
(a)
an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;
(b)
cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir an iarraidh isteach páirt a ghlacadh sa chigireacht nó san imscrúdú ar an láthair;
(c)
cead a thabhairt don údarás inniúil a chuir an iarraidh isteach an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh é féin;
(d)
iniúchóirí nó saineolaithe a cheapadh chun an chigireacht nó an t-imscrúdú ar an láthair a dhéanamh;
(e)
cúraimí ar leith a bhaineann le gníomhaíochtaí maoirseachta a roinnt leis na húdaráis inniúla eile.
|
|
Airteagal 46 4.
|
I gcás banna urrúsúcháin, i gcás ina gcinneann údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 44(2), nó ina bhfuil cúis aige lena chreidiúint, nár comhlíonadh ceanglas faoi Theideal II, Caibidil 2, nó faoi Airteagal 18 nó faoi Airteagal 19, cuirfidh sé údarás inniúil Bhallstát an eintitis nó na n-eintiteas a bhfuil drochamhras ann faoi neamhchomhlíonadh den sórt sin maidir lena thorthaí ar an eolas ar bhealach atá mionsonraithe go leor. Tar éis dó an fhaisnéis sin a fháil, déanfaidh údarás inniúil Bhallstát an eintitis a bhfuil drochamhras ann faoina neamhchomhlíonadh, laistigh de 15 lá oibre, aon ghníomhaíocht is gá chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíonadh a sainaithníodh agus tabharfaidh sé fógra don údarás inniúil eile lena mbaineann. I gcás ina n-easaontaíonn údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 44(2) le húdarás inniúil eile i ndáil leis an nós imeachta nó lena ghníomhaíocht nó neamhghníomhaíocht, cuirfidh sé sin in iúl do na húdaráis inniúla eile ar fad atá bainteach, gan aon mhoill mhíchuí.
|
|
Airteagal 46 5.
|
Féadfaidh na húdaráis inniúla aird ESMA a tharraingt ar an ábhar i gcás inar diúltaíodh d’iarraidh ar chomhar, go háirithe maidir le malartú faisnéise, nó murar gníomhaíodh de bhun na hiarrata sin laistigh de thréimhse réasúnach ama. Gan dochar d’Airteagal 258 CFAE, féadfaidh ESMA, i gcásanna den sórt sin, gníomhú i gcomhréir leis an gcumhacht a thugtar dó faoi Airteagal 19 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 46 6.
|
Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a fhorbairt chun an fhaisnéis atá le malartú i gcomhréir le mír 1 a shonrú. Déantar an chumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun na caighdeáin theicniúla rialála dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 10 go hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
|
Airteagal 46 7.
|
Féadfaidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a fhorbairt chun na foirmeacha caighdeánacha, na teimpléid chaighdeánacha agus na nósanna imeachta caighdeánacha a bhunú chun críocha an chomhair agus an mhalartaithe faisnéise dá dtagraítear i mír 1. Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
|
,
1.1 Tagairtí
1.2 Ceanglais aitheanta
1.3 Caighdeáin ghaolmhara
2. Ceanglais aitheanta
Ceanglais
| Foinse |
Ceanglas |
3. Caighdeáin ghaolmhara
Caighdeáin
| Foinse |
Ceanglas |
- Builddate: 09.01.2024 00:00:00 -Doknr: CELEX:32023R2631
- EULAW -
EN: Legal acts of the European Union from EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © European Union. Re-use is authorised by Decision 2011/833/EU, provided the source is acknowledged; the consolidated texts are licensed under CC BY 4.0 (EUR-Lex legal notice). Divided into sections and converted into the GRCA format, the wording unchanged. Only the legislation published in the Official Journal of the European Union is deemed authentic.
DE: Rechtsakte der Europäischen Union aus EUR-Lex, https://eur-lex.europa.eu/. © Europäische Union. Weiterverwendung nach Beschluss 2011/833/EU mit Quellenangabe gestattet; die konsolidierten Fassungen stehen unter CC BY 4.0 (Rechtlicher Hinweis von EUR-Lex). In Abschnitte aufgeteilt und in das GRCA-Format umgewandelt, der Wortlaut unverändert. Verbindlich sind allein die im Amtsblatt der Europäischen Union veröffentlichten Rechtsakte.
|